Éire in aimsir na Lochlannach

Cé go bhfuil roinnt réad Lochlannach sa tSeodlann, tugann an taispeántas seo cuntas níos mine ar Ré na Lochlannach in Éirinn. Tharla céad chreacha na Lochlannach ar Éirinn in 795 AD, dar leis an stair, nuair a rinneadh creach ar oileáin amach ó chóstaí thuaidh agus thiar na tíre. Níos déanaí chonacthas cabhlaigh na Lochlannach ar na príomhchórais abhann, agus luaitear bunáiteanna cosanta chun creachadóireacht níos cuimsithí a dhéanamh ó thart ar an mbliain 840 AD. Ba iad na mainistreacha ba mhó a mheall na Lochlannaigh, toisc go bhféadfaidís idir sheodra agus sclábhaithe a sholáthar. I measc na nithe ar taispeáint tá macasamhail d'árthach iascaireachta Lochlannach atá fíorchosúil, a bheag nó a mhór, le longa móra cogaidh na Lochlannach. Fuarthas an bád bunaidh mar aon le hárthach níos mó in adhlacadh bád i Gokstad san Iorua. Fuarthas casadhmad ó longa Lochlannacha in Éirinn, chomh maith le léaráidí de longa ar phlainc, agus múnlaí de longa nó bréagáin i bhfoirm loinge agus meáchain luaidhe iascaireachta i bhfoirm longa.

Cuireadh maoin phearsanta in éineacht leis na mairbh in uaigheanna págánacha an naoú haois i gCill Mhaighneann agus i nDroichead na hInse, Baile Átha Cliath. D'adhlactaí laochra le claimhte fada a bhí i bhfad níos fearr ná claimhte dúchasacha na hÉireann, agus tugtar le fios ó na meáchain, scálaí, sparáin, tlúnna agus casúir a bhí leo gur ceannaithe agus gaibhne a bhí i gcuid de na mairbh. Fuarthas dealga ubhchruthacha de thréithchineál Lochlannach a chaitheadh mná taobh le réada eile cosúil le ‘bord iarnála' de mhíolchnámh, roithleáin agus cás cré-umha do shnáthaidí, rud a léiríonn gur adhlacadh mná Lochlannacha sa reilig chomh maith.

Cé gur bhunaigh na lonnaitheoirí Lochlannacha bailte sa 10ú haois, chónaigh formhór mór de mhuintir na hÉireann faoin tuath, áit ar cleachtadh eacnamaíocht feirmeoireachta mheasctha. Faightear léargas ar an saol a bhí ag daoine i lonnaíocht tuaithe idir an naoú haois agus tús an 11ú haois ó chrannóg Bhaile an Doire, Co. na hIarmhí, baile dhuine de mhóruaisle saibhre na hÉireann. Tá claíomh Lochlannach a fuarthas trí thrádáil nó mar chreach ar an sampla is fearr ó Éirinn atá fós againn. Tá lámh an chlaímh gléasta in airgead agus tá patrún an-chasta táthaithe ar an lann agus ainm an duine a mhonaraigh é, VLFBEHRT, inleagtha inti. Onnmhairíodh a chuid lann siúd ó Dhúiche na Réine i rith Ré na Lochlannach. Ar na réada suntasacha eile a tháinig ón láithreán céanna tá dealg airgid eitleogach, babhla cré-umha crochta, bogha adhmaid agus clár imeartha maisithe adhmaid a úsáideadh, b’fhéidir, chun an cluiche cogaíochta Lochlannach Hnefatafl a imirt. Tugann an chuid is mó de na réada a fuarthas i mBaile an Doire agus i láithreáin dúchasacha eile léargas ar ghnáthghníomhaíocht an lae, agus ina measc tá uirlisí a d’úsáidtí sa sníomhachán, san fhíodóireacht agus san fhuáil, bróga agus earraí leathair eile, agus uirlisí adhmaid, iarainn agus cré-umha.

Téann bunús na mbailte seo uile, Baile Átha Cliath, Luimneach, Port Láirge, Loch Garman, agus Corcaigh, siar go dtí na Lochlannaigh. D’oscail trádálaithe Lochlannacha bealaí nua trádála isteach chuig margaí saibhre na Biosáinte, agus chuig lár agus iarthar na hÁise Moslamaí, agus chruinnigh siad monaí agus buillean airgid a leádh ina dhiaidh sin chun dealga agus fáinní géige éagsúla a dhéanamh. Léiríonn an réimse earraí pearsanta a fuarthas i mBaile Átha Cliath saibhreas agus naisc thrádála na cathrach, a tháirg réada ómra, gloine, scairde, cré-umha, airgid agus óir. Táirgeadh mórchuid pionnaí fáinneacha agus bioráin mhaide chré-umha i mBaile Átha Cliath, mar a raibh miotalóirí ar ardchaighdeán cruinnithe thart faoi Phlás Theampall Chríost. Ba é aimsiú na bpíosaí móitífe taobh leis an limistéar seo a léirigh go raibh baint éigin idir dhéanamh na bpatrún seo agus an mhiotalóireacht.

Ballaí de phostaí agus caolach a bhí i dtithe Bhaile Átha Cliath i rith Ré na Lochlannach agus meastar gur dócha gur smearadh na ballaí le bualtrach nó le láib. D’úsáidtí adhmad chun tithe, longa agus troscán a dhéanamh, agus le haghaidh uirlisí tí ar nós babhlaí, plátaí, cupáin agus bairillí, chomh maith le bréagáin agus cláir chluichí a dhéanamh. Dhéantaí cluasa adhmaid do na huirlisí iarainn a rinne gaibhne áitiúla, dhéanaidís insí, haspaí, glais, eochracha agus feistí úma. B’as adhmad chomh maith a dhéantaí acraí ar nós sluaistí agus claimhte fíodóirí.

Faoi dheireadh an 10ú haois bhí glactha ag na Lochlannaigh leis an gCríostaíocht agus mar gheall ar mheascadh na gcultúr is deacair uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir déantáin Lochlannacha agus Éireannacha ag an am seo. Úsáidtear an téarma Gael-Lochlannach chun cur síos a dhéanamh ar chultúr chónaitheoirí na mbailte Lochlannach sa 11ú haois agus go luath sa 12ú haois. Chuaigh na stíleanna Lochlannacha Ringerike agus Urnes go mór i bhfeidhm ar ealaín na hÉireann, agus tá siad le sonrú ar mhiotalóireacht eaglasta na tréimhse ar bhachalla, ar chumhdaigh do chloigíní agus ar chumhdaigh leabhar. Ar thaiseagáin thábhachtacha an 12ú haois tá Cros Chonga, cros mórshiúil déanta sna 1120í ar ordú ó Ard-Rí na hÉireann, Toireallach Ó Conchubhair, chun taise den Fhíorchros a choimeád ann.

 
Sa Taispeántas Seo
Dearadh Gréasáin le Arekibo