Cad atá sa Stór?

Cuireann an tsaoráid seo roinnt de na bailiúcháin is tábhachtaí ó Rannán Ealaíne agus Tionscail Ard-Mhúsaem na hÉireann ar fáil don phobal. Is é seo an chéad uair i stair na hinstitiúide a chuathas i ngleic le stóras feiceálach a chur ar fáil. Tá na bailiúcháin chúltaca uile de ghloine, d’ealaín fheidhmeach na hÁise, d’airgead agus de mhiotalóireacht ar taispeáint, agus ábhar ó Éirinn, ón mBreatain, ón Eoraip, ón Meánoirthear, ón India, ón bPacastáin, ó Bhurma, ón tSín, ón tSeapáin agus ón Tibéid san áireamh ann.

Ní raibh bailiúchán na hÁise ar taispeáint ó osclaíodh Dún Uí Choileáin sa bhliain 1997. Tá laicear, greallóg, eabhar, cruan, dealbha, péintéireacht agus miotalóireacht mar ábhar iontu, agus tá siad le feiceáil sa dara agus sa tríú cuid den stór.

Anuas air sin, tá cuid de bhailiúcháin chriadóireachta an Mhúsaeim léirithe laistigh den dara cuid den stór. Tá ábhar tábhachtach Éireannach cosúil le créghréithe Bhéal Leice, Frederick Vodery, Queen’s Institute, Charraig Uí Leighin agus ealaín chriadóireachta chomhaimseartha san áireamh, i gcomhar le maiolica Spáinneach agus Iodáileach, poirceallán Seapánach, blanc-de-chine ón tSín, Wedgwood, earraí cruachré ón nGearmáin, faïence na Fraince, criadóireacht Ioslamach, agus créghréithe Ollannacha.

Tá déantáin Rómhánach, Peirseacha, Indiacha, Veinéiseacha agus Art Nouveau (Nua-Ealaín) sa bhailiúchán gloine taobh leis an mbailiúchán de ghloine na hÉireann ó Bhaile Átha Cliath, ó Chorcaigh, ó Bhéal Feirste agus ó Phort Láirge ón 18ú haois agus an 19ú haois a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.

Tá roinnt gléasanna tábhachtacha eolaíocha ón 17ú haois anonn go dtí an 20ú haois sa tsaoráid seo, mar aon le bailiúchán uaireadóirí an Mhúsaeim. Baineann an chuid is mó díobh seo leis an tréimhse 1750 - 1850. Tá bailiúcháin de phláta airgid Sheffield, leictreachlónna, péatar, práis, cré-umha, airgead agus seodra, le feiceáil sa cheathrú cuid den stór. Léigh tuilleadh faoina bhfuil i ngach sraith...

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo