Sonraí na dTaispeántas

Ag Saothrú na Talún

Ba é an talamh an príomh slí mhaireachtála a bhí ag formhór an daonra tuaithe tráth den saol. Bhí saothrú na talún an-dian agus ba mhinic a rinneadh le lámh é ar bheagán uirlisí. Le teacht an innealra, d’éirigh an obair beagán níos éasca.

Ba iad na fataí an glasra ba mhó a d’fhástaí. Go minic ar fheirmeacha beaga d’fhástaí iad in iomairí, cineál leaba ardaithe. Rinneadh na hiomairí le spáda, a raibh go leor cineálacha áitiúla díobh ann. Taobh amuigh de na fataí ba iad na glasraí eile is mó a d’fhástaí ná, cabáiste, oinniúin agus cairéid.

I dtús an tsamhraidh, bhaintí an mhóin chun breosla a chur ar fáil. Mhair modhanna iompair i bhfad in áiteanna in Éirinn mar go mbíodh an mhóin le tabhairt amach as talamh bog an phortaigh - an t-asal le painnéir san iarthar agus an carr sleamhnáin gan rothaí i gcuid den oirthear.

B’iad na barraí ba mhó a d’fhástaí ná cruithneacht agus coirce. Níor tosaíodh ag úsáid céachtaí go forleathan go dtí tús an 19ú hAois. Tar éis don treabhadh a bheith déanta, bhriseadh cliath agus ansin rollóir an ithir tuilleadh agus réiteofaí é don síol.

Roimh theacht na n-inneall bainte, d’úsáidtí speal chun an barr a bhaint. D’úsáidtí speala chun féar a bhaint freisin - an barr ba mhó ar fad agus é mar bhia ag ainmhithe. Níor tosaíodh ag úsáid speala in Éirinn go dtí tús an 19ú hAois. Corráin agus bileoga is mó a bhíodh in úsáid roimh thabhairt isteach na speile troma agus is iad seo is mó a thaitin le buainteoirí áirithe, mná go speisialta.

Bhaintí úsáid as súisteáil chun na gráinní a bhaint amach as na crotail. Ba phróiseas é an cáitheadh lena mbaintí an cháith níos éadroime agus ní fhágtaí ach an grán amháin. Baineadh úsáid as tráidire cáithe -- bodhrán. Ina dhiaidh sin, bhuaileadh agus cháitheadh meaisíní buailte an grán, agus bhaineadh an comhbhuainteoir é chomh maith.

Bhí cúpla ainmhí ag an gcuid is mó de theaghlaigh feirme na hÉireann. Bhí bia luachmhar á fháil ó bha, muca, caoire agus éanlaith agus bhí olann le fáil ó na caoire freisin. Bhí na capaill riachtanach d’obair throm fheirme cosúil le treabhadh agus bhí sé de chumas acu cairt lán a tharraingt achar fada. Ba é an t-asal ’capall’ an fhir bhoicht agus bhí sé níos coitianta in iarthar na hÉireann.

Iascaireacht Mara

Ba bheag forbairt a bhí déanta ar thionscal iascaireachta na hÉireann san am atá caite. Dhéantaí an chuid is mó den iascaireacht ó bháid bheaga. Ba ghné shainiúil de chósta thiar na hÉireann iad na curacha canbháis a bhí clúdaithe le tarra, agus a d’eascair ó na báid sheithe. Le tamall anuas, is minicí gur as snáithínghloine a dhéantar iad. Dhéantaí an chuid is mó den iascaireacht ar scála beag i rith an tsamhraidh nuair a bhí na héisc níos líonmhara agus nuair a bhí an aimsir níos sábháilte do na báid bheaga.

Dhéantaí iascaireacht le dorú chomh maith le heangacha. In uisce domhain d’úsáideadh na hiascairí líne spiléir: dorú le meáchan air chomh maith le go leor duán. Shocraíodh na hiascairí an dorú, d’fhágaidís thar oíche é ar ghrinneall na farraige.

Dhéanadh iascairí a ndorú féin go minic ag casadh píosaí snátha agus á ndéanamh níos faide le castóir líne. D’úsáidtí línte láimhe chun breith ar mhaicréil, pollóga agus doingin ó bhád nó fiú ó aill.

D’úsáidtí sruthlíonta chun breith ar bhradáin agus d’fhágtaí amuigh iad thar oíche. Modh dolaíochta eile a bhí in úsáid chun breith ar scadáin agus ar mhaicréil ba ea an tsaighneoireacht, sé sin go ndéanadh dhá bhád sparán den líon timpeall ar na héisc. Sna hinbhir, d’úsáidtí modh ar a dtugtaí dolaíocht tharraingthe, an líon á ligint amach ón mbád agus é ag gluaiseacht amach ón gcladach.

Bhaineadh iascairí úsáid as potaí chun breith ar ghliomaigh agus ar phortáin, iad le díol de ghnáth faoi mar a bhíonn inniu. Fadó dhéantaí na potaí le brilleoga nó le fraoch fiú.

D’fhéadfaí roinnt sliogéisc a bhailiú ó bhád le ráca nó le dreidire. Bhailíodh daoine eile de láimh iad nó phioctaí de na carraigeacha iad.

Iascaireacht Fionnuisce

Ba iondúil gur gníomhaíocht bhreise a bhíodh san iascaireacht fionnuisce. Bhí cuid de na haibhneacha ab fhearr faoi úinéireacht phríobháideach, agus tharla póitseáil mar gheall air.

Mhair roinnt modhanna ársa cosúil le sleádóireacht. D’úsáidtí sleánna difriúla chun breith ar eascanna agus ar bhradáin. Bhí sé dleathach de ghnáth bheith sa tóir ar eascanna ach bhí sé mídhleathach bheith ag sleádóireacht bradán agus go minic dhéantaí é istoíche le solas.

Chuirtí gaistí caolaigh nó gaistí a bhí déanta d’eangach in aibhneacha chun breith ar iasc. D’úsáidtí dola agus duáin mhóra ar a dtugtaí sracadóirí chun breith ar bhradán nó ar bhreac.

In aibhneacha áirithe ceadaíodh slat-iascaireacht agus dolaíocht do bhradáin le ceadúnas. Ach bhaineadh póitseálaithe úsáid as líonta mídhleathacha a shocraítí i gcoraí nó a tharraingítí tríd an uisce. Anonn go dtí na 1940í bhí curach leathair in úsáid chun líonta bradáin a shocrú ar Abhainn na Bóinne. Ar thuilte Abhann na Suca i gCo. Ros Comáin, bhaintí úsáid as rafta de bhogshifín don iascaireacht agus don éanadóireacht - soitheach uathúil i dtuaisceart na hEorpa sa lá atá inniu ann. 


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo