Taispeántas 5A

1916: Éirí Amach na Cásca

Ba é Éirí Amach na Cásca an eachtra lárnach in oirdéal deich mbliana na hÉireann ó 1913 go dtí 1922. Ghlac grúpa réasúnta beag diongbháilte d’fhir agus de mhná na hÉireann an deis a tháinig ó choimhlint na Breataine leis an nGearmáin chun buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann. Cuireadh faoi chois Poblacht nua-fhógraithe na hÉireann go tapa agus go brúidiúil, ach d’athraigh an chuimhne a bhí ar laochas na ndaoine a bhí páirteach agus a gcur chun báis ina dhiaidh sin, stair na hÉireann go brách.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo