Taispeántas 7A

An Éigeandáil: An Dara Cogadh Domhanda

I 1939 bheartaigh Saorstát Éireann fanacht amach as an gcogadh nua san Eoraip mura ndéanfadh ceann de na comhraiceoirí ionsaí ar an tír, agus mar sin d’fhan an tír neodrach, i dtréimhse ar a dtugtaí ‘An Éigeandáil’. Le linn an ama seo méadaíodh arm na hÉireann agus fuair siad trealamh nua chun Éire a chosaint ó ionsaí. Ag an am céanna liostáil 50,000 fear agus bean as Éirinn in arm na Breataine agus tá a gcuid éidí agus déantáin eile a léiríonn a gcuid taithí ar taispeáint chomh maith.

Lean ort ag léamh i dTaispeántas 8

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo