Taispeántas 8

An tSíocháin a Chosaint

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda d’fhan Éire neodrach, agus d’fhan sí amach as comhaontais mhíleata ar nós NATO. Chuaigh fórsaí armtha na hÉireann (na rannóga aeir agus mara san áireamh) i mbun traenála chun an tír a chosaint laistigh de shrianta an bhuiséid chosanta bhig. I ndiaidh d’Éire dul isteach sna Náisiúin Aontaithe, fuair na fórsaí amach go raibh ról nua acu: trúpaí agus trealamh a sholáthar le haghaidh misean na NA chun páirtithe cogaíochta a scaradh in áiteanna a raibh trioblóid mar an Congó agus an Liobáin.  
Dearadh Gréasáin le Arekibo