Garastún na Breataine in Éirinn
Ar feadh beagnach 500 bliain, bhí buanarm ina gharastún ar Éirinn. Bhí na saighdiúirí anseo go príomha chun éirí amach na nÉireannach a chur faoi chois agus chun Éire a úsáid mar iosta chun trúpaí a earcú agus oiliúint a chur orthu le haghaidh seirbhíse thar lear. Chuaigh a ngníomhaíochtaí éagsúla in Éirinn i gcion ar shaol laethúil mhuintir na hÉireann agus léiríonn an taispeántas seo na réada a bhaineann le ról eacnamaíoch, sóisialta agus póilíneachta Arm na Breataine in Éirinn, chomh maith le stair an Dúin Ríoga.
Lean ort ag léamh i dTaispeántas 2