Ábhair Spéise

Póstaer Earcaíochta 69ú Reisimint Nua Eabhrac don Chéad Chogadh Domhanda

Bunaíodh an 69ú Reisimint in 1851 agus bhain sé cáil amach de bharr a chuid éachtaí i gCogadh Cathartha Mheiriceá. Ba é an Coirnéal Michael Corcoran a bhí i gceannas air ar dtús, agus throid sé ag an gcéad chath mór den chogadh, Bull Run. Ansin bhí sé ar an 1ú Reisimint den Bhriogáid Éireannach iomráiteach faoi stiúir an Bhriogáidire Ginearál Thomas Francis Meagher, a throid ag an gcuid is mó de na cathanna móra idir 1861 agus 1865, ar nós Antietam, Fredericksburg agus Gettysburg. Mar is léir ón bpóstaer, ba Éireannaigh den chuid is mó a bhí sa Reisimint sa Chéad Chogadh Domhanda. Agus iad i mbun troda i gcuid mhaith de na cathanna ríthábhachtacha san Fhrainc i 1918, lena n-áirítear Marne, St. Mihiel agus Argonne, gortaíodh a lán díobh go dona. Arís, sa Dara Cogadh Domhanda, throid an Reisimint i réigiún an Aigéin Chiúin agus chonaic siad gníomhaíocht in áiteanna mór le rá ar nós Saipan agus Okinawa. Maireann an Reisimint fós inniu ina foirm thraidisiúnta mar aonad den Gharda Náisiúnta, agus tá ceangal láidir aici fós leis an tír seo, lena n-áirítear stiúradh Mórshiúil Lá Fhéile Pádraig i Nua Eabhrac gach bliain.

Hata an Cheannfoirt-Ghinearál Pádraig Mac Piarais

Hata de chuid Óglaigh na hÉireann a chaith an Ceannfort-Ginearál P.H. Mac Piarais nuair a ghéill sé do na Briotanaigh an 29 Aibreán 1916, agus arís ar maidin a bháis. Thug an tUasal Éamonn deValera don Mhúsaem é. Rugadh Pádraig Mac Piarais an 10 Samhain 1879 agus bhunaigh sé Coláiste Éanna i 1908 chun áis a sholáthar do leanaí le foghlaim faoin nGaeilge agus faoin gcultúr. Ina dhiaidh sin, bhí príomhról aige ag pleanáil agus ag eagrú Éirí Amach 1916, ar a raibh sé ina cheannaire. Bhunaigh sé a cheanncheathrú in Ard-Oifig an Phoist le linn Sheachtain na Cásca, agus cuireadh chun báis é ina dhiaidh sin as an bpáirt a bhí aige san éirí amach.

Éide an Choirnéil William Ferguson

Seans gurb é ceann de na gnéithe is lú aitheantais den bhaint a bhí ag Éirinn le cogaí eachtracha ná an méid a rinne sí i dtaca le cogaí saoirse Mheiriceá Theas. Is sampla maith é an Coirnéal Ferguson den líon mór Éireannach a throid ann go deonach i gcéad ráithe an 19ú haois. Throid Ferguson in aghaidh Simon Bolivar, ar a dtugtaí an ‘Fuascailteoir’. Bhain Bolivar saoirse amach ó riail na Spáinne do Phanama, don Cholóim, d’Eacuadór, do Pheiriú agus Veiniséala, agus ainmníodh tír nua, an Bholaiv ina onóir. D’aontaigh an Coirnéal Ferguson leis na hidéil ar sheas Bolivar dóibh, agus bhí sé sásta a shaol féin a thabhairt suas dó. Fuair Ferguson bás ag cosaint an dorais ar sheomra Bolivar le linn iarracht feallmharaithe. Tá litreacha agus dialann Ferguson le fáil i mBailiúcháin an Mhúsaeim chomh maith.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo