Tá an gailearaí airde dúbailte seo deartha chun léiriú a thabhairt don chuairteoir ar réimse déantán i mbailiúcháin chúltaca Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, idir píosaí móra de dhealbh adhmaid meánaoiseach agus píosaí íogair de lása fíneálta. Tá an réimse leathan réad atá ar taispeáint á mhíniú trí ghnéithe ilmheáin idirghníomhacha.
Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, An Chéad agus an Dara hUrlár, an Bloc Thiar, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.