Sraith 11

Fo-Ilchríoch na hIndia

Tá éagsúlacht iontach i mBailiúchán na hIndia, a fhormhór ón 19ú haois le roinnt eisceachtaí suntasacha. Sampla de na heisceachtaí seo ná dealbh ón réigiún ar a dtugtar Gandhara (iarthuaisceart na hIndia agus oirthear na Pacastáine) i Sraith 10, a thagann ón 1ú haois R.Ch. Is stíl de bhunús Gréag-Rómhánach é a d’fhorbair idir an dáta sin agus an 7ú haois A.D. Bhí stíl chomhaimseartha dealbhóireachta cosúil leis flúirseach chomh maith, sé sin ealaín Kushan Mathura (Uttar Pradesh, India). I measc na gcatagóirí d’ábhar na hIndia ar taispeáint tá adhmad snoite, laicear, eabhar, seodra, miotalóireacht agus múnlaí. Ó thaobh na miotalóireachta de, tugtar earraí Bidri ar cheann de na teicnící Indiacha is tréithiúla; cóimhiotal de chopar agus sinc, le púdar cruaiche agus luaidhe curtha leis ó am go chéile (a inleagtar ar mhiotail eile). Tagann sé ó ainm an bhaile Bidar i Mysore, agus ba iad na príomhionaid déantúsaíochta ná Lucknow, Purnea agus Murshidabad.

Cuid de na réada suntasacha eile sa tsraith seo ná an húca agus an lota. Is píopa tobac é an húca a bhfuil gabhdán ann chun uisce a choinneáil trína dtéann deatach suas go dtí béalóg óna n-análaítear é. Is ó mhiotal a thagann formhór na húcaí san Ard-Mhúsaem, cé go mbailítear cuid atá déanta as leathar freisin. Is soitheach i gcruth cruinneoige atá sa lota, a úsáideadh chun uisce ó Abhainn an Ganges a choinneáil, uisce i gcomhair feidhmeanna searmanacha nó fiú amháin bainne a choinneáil. Is iondúil gur deich ionchollú den dia Vishnu a bhí mar mhaisiú air. Is iad Vishnu, Brahma agus Siva atá in ‘Tri-murti’ nó Tríonóid Hiondúch.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 12 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo