Sraith 12

Samúraí Seapánach, Eabhar agus Cruan

Tá an chuid is mó den Bhailiúchán Seapánach sa tsraith seo. Tagann cathéide na laochra samúraí atá ar taispeáint ó thréimhse na nEadóch (1600-1868 AD). Tá 32 pláta sa chlogad nó ‘kabuto’, tá cúig chuid laicearaithe sa gharda baice nó ‘shikoro’ agus tá seacht sraith sa chathéide muinchille nó ‘kote’ mar atá sna gardaí gualainne nó ‘sode’. Tá an chathéide seo an-difriúil ón gcathéide atá á chaitheamh ag na saighdiúirí coise ó ré Kamakura i leith (1185-1392A.D.), a bhfuil leagan níos déanaí de ar taispeáint sa ghailearaí ‘Ón Stór’.

Tá na figiúirí eabhair atá ar taispeáint ina samplaí fíoráille d’ealaín Sheapánach agus tagann siad ó ré Meiji (1868-1912A.D.). Tá síniú ar an gcuid is mó díobh, le hainmneacha ceardaithe ealaíne tábhachtacha ar nós Gyokushu, Meizan, Toshikazu, Kameyama, Chikanobu, Ekimasa agus Shinmei le feiceáil orthu. Laistigh de chatagóir na snoíodóirí tá ‘netsuke’ nó scoráin ornáideacha a crochadh ar chriosanna. I measc na nithe atá ar taispeáint, iad ag teacht ó ré na nEadóch den chuid is mó, tá foirmeacha ar nós an figiúr de Hotei (dia Seapánach rachmais agus sonais), cochall pise, luch, toirtís, gabhar, leon agus dhá dhiabhal ina ndrumadóirí. I measc ainmneacha na ndéantóirí tá Koharu, Minko, Masanao, Unpo, Shincho, Hokei, Kazutora, Masahiro agus Ryosetsu Dojin.

Tá na réada cruanta sa Bhailiúchán Seapánach ina samplaí breátha chomh maith d’ealaín fheidhmeach ré Meiji. Ó dhóirí túise go plátaí, vásaí bláthanna, potaí agus tráidirí, is léir conas a chuaigh a leithéid de mhaisiúcháin i gcion ar fhorbairtí ealaíne Eorpacha díreach roimh an Ealaín Nua lena dathanna saibhre agus a rianú spásúil sainiúil.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 13 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo