Sraith 17

Pláta Sheffield

Cruthaíodh pláta Sheffield trí airgead agus bunmhiotal, copar nó copar agus prás go hiondúil, a chomhleá. Forbraíodh an próiseas seo i Sheffield timpeall lár an 18ú haois i dtosach báire, agus i Birmingham ina dhiaidh sin, agus bhí éileamh air ar feadh timpeall céad bliain, nuair a cuireadh tús le leictreaphlátáil sna 1840í. Bhí sé seo fadmharthanach, tarraingteach agus i bhfad níos saoire ná airgead, bhí an-éileamh air agus úsáideadh go fairsing é. Táirgeadh coinnleoirí, miasfháinní, cóstaeirí agus réimse leathan earraí boird. Iompórtáladh an-chuid de isteach go hÉirinn go háirithe i ndeireadh an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois. Ba idir 1895 agus 1910 den chuid is mó a fuarthas na samplaí i mbailiúchán an Mhúsaeim, tráth a raibh an-bhéim á chur ar dhearadh, stíl agus ceardaíocht chomhaimseartha a thaispeáint.

Cré-Umha

Tá prás, cóimhiotal de chopar agus stán, á úsáid leis na cianta chun arm, uirlisí baile, seodra agus ealaín a dhéanamh. Dátaíonn an t-ábhar atá sa stór seo ó dheireadh na 1500í agus tús an 20ú haois, agus tá samplaí de shaothar as Éirinn, Sasana, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil ann. Tá ábhar sa bhailiúchán seo a fuarthas mar gheall ar a fhiúntas creidimh, fóntaíoch nó ealaíonta.

Prás

Níor tosaíodh ag baint úsáid ghinearálta as prás, cóimhiotal copair agus sinc, go dtí an 16ú haois. Cosúil le cré-umha, baineadh go leor úsáide creidimh agus saolta as. Tá píosaí Éireannacha, Sasanacha agus Eorpacha sa bhailiúchán seo, lena n-áirítear roinnt mhaith ábhar Ollainnis ón 18ú haois agus roinnt samplaí de réada creidimh Rúiseacha.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 18 cliceáil Ar Aghaidh 
Dearadh Gréasáin le Arekibo