Sraith 9

Dealbhadóireacht Burmach, Laicear Seapánach

Ba é Gautama Buddha (563-483B.C.) a bhunaigh an Búdachas ar dtús san India. Is iad na trí phríomhchreideamh Búdacha ná i) Gach ní ag athrú go síoraí. Níl ann do ‘a bheith’ ach ‘teacht chun bheith’; ii) is naisc láithreacha gearrshaolacha atá i ndaoine i slabhra cúise agus éifeachta ar a dtugtar Karma; iii) ní mór iarrachtaí pearsanta a dhéanamh chun fáil réidh leis an smaoineamh maidir le hindibhidiúlacht mar an t-aon bhealach chun slánú críochnúil a bhaint amach. Tagann formhór de dhealbhadóireacht Buddha sa tsraith seo ó Burma (Maenmar an lae inniu) agus is ón 19ú haois is mó a thagann sé. I measc na ngothaí atá le feiceáil i ndealbhadóireacht Búdach tá an ‘Abhaya mudra’: gotha athdhearbhaithe; an lámh amach, bos in uachtar, leis na méaracha sínte amach ar fad. Sa ‘Bhumisparsa mudra’ feictear an Buddha ag leagan lámh ar an talamh, ag glaoch ar bhandia na talún a bheith mar fhinné dá cheart suí faoin gcrann feasa. Léiríonn an ‘Dhyana mudra’ machnamh Buddha, agus tá na bosa in uachtar lena mhéaracha sínte amach, suite ceann ar an gceann ina ucht.

Tá os cionn 1,500 réad i mbailiúchán ealaíne maisitheach Seapánach an Ard-Mhúsaeim. Tagann an chuid is mó de na déantáin seo ó na tréimhsí Edo (1600-1868A.D.) agus Meiji (1868-1912A.D.). Is iad an bheirt is mó a bhronn ábhar Seapánach i rith dheireadh an 19ú/ tús an 20ú haois ná Diúc Laighean agus an tUasal Thom. Is cásanna cloiche dúigh/boscaí scríbhneoireachta, tráidirí túise, piliúir, boscaí litreach, soithí bia agus boscaí cíora é an laicear Seapánach atá sa taispeántas. I measc na dteicnící a bhaineann le laicear an 18ú agus 19ú haois tá: ‘Hiramaki-e’, maisiúchán éadrom nach n-úsáideann ach laicear; an teicníc ‘maki-e’; ina spréitear dusta miotail ar chóta de laicear fliuch, agus ‘Takamaki-e’: dearadh rilífe atá déanta trí mheascán gualach, cré agus laicear a mhúnlú.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 10 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo