Sraith 10

Tibéid, an Pheirs

Tá an t-ábhar ón Tibéid atá ar taispeáint sa tsraith seo déanta as miotalóireacht a ceannaíodh ó chathair Lhasa i 1904. Is sampla iontach maith den difir fíneálta idir an dearadh Tibéadach, Indiach agus Síneach í an intlis roth urnaí le turcaid. Is cineál creideamh Búdaíoch é Lamaism, a chleachtaítear sa Tibéid. Eagraítear é faoi bheirt sagart ar a dtugtar Lámaí, agus tá sainchúram polaitiúil chomh maith le reiligiúnach orthu. Tugtar an Dalaí Láma ar an Láma is tábhachtaí.

Cuireadh an Bailiúchán Peirseach den Ard-Mhúsaem le chéile mar chuid d’iarracht chomhaontaithe chun ealaín fheidhmeach de chuid fho-ilchríoch India a thaispeáint agus a mhíniú agus go traidisiúnta fuarthas é i gcomhar le hábhar ón India, ó Burma agus ón bPacastáin. Nuair a bunaíodh an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath (ar a dtugtar Ard-Mhúsaem na hÉireann anois) in 1877, chiallaigh naisc leis an South Kensington Museum i Londain (an Victoria & Albert anois) go raibh beartas i bhfeidhm go gceannófaí ealaín agus dearadh Áiseach. Bhí an beartas seo ann chun rochtain cheardaithe Éireannacha comhaimseartha ar dhearadh idirnáisiúnta a éascú. I measc na réad ón Iaráin (An Pheirs) atá ar taispeáint tá snoíodóireacht adhmaid (santal agus adhmad piorra den chuid is mó) a léiríonn teicníc ‘á jour’ treáite, mionphictiúir de Shah a bhí ann roimhe seo agus cruan, eabhar, miotalóireacht agus séalaí ó cheannach 1878-9 Caspar Purdon Clarke. Rugadh Purdon Clarke i mBaile Átha Cliath in 1846. Bhí sé ina dhearthóir ailtireachta agus ina ghníomhaire tráchtála oifigiúil ar an rannán Breatnach-Indiach de Thaispeántas Idirnáisiúnta Pháras, 1878. Ceapadh é mar stiúrthóir ar Mhúsaem Victoria & Albert in 1896, agus ina dhiaidh sin fuair sé post mar stiúrthóir ar an Metropolitan Museum i Nua Eabhrac i 1905.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 11 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo