Sraith 3

Gloine Éireannach san 18ú agus sa 19ú hAois

Tháinig gloine breochloiche ardchaighdeáin Éireannach ar an saol mar thoradh ar thrí dhlí a achtaíodh agus a chuaigh i gcion ar dhéantúsaíocht agus ar thrádáil gloine le linn na 1770í agus na 1780í. Nuair a baineadh na srianta, mheas lucht gnó go raibh inmharthanacht ag baint le táirgeadh gloine in Éirinn. Bhí tréimhse ratha i ndéantúsaíocht gloine ann go dtí gur gearradh srianta trádála (Acht Mál an hÉireann) in 1825. Deir daoine áirithe gurb é tréith amháin den ghloine Éireannach ón 18ú haois dhéanach agus ón 19ú haois luath ná gur úsáideadh níos mó miotal in ábhar na gloine, agus as sin fuarthas dearaí áirithe a bhaineann leis an tréimhse sin. Ba ag an am sin a baineadh amach stuaic de dhéantúsaíocht gloine thionsclaíoch i gcathracha Phort Láirge, Chorcaí, Bhéal Feirste agus Bhaile Átha Cliath.

In 1783 bhunaigh George agus William Penrose déantúsaíocht gloine breochloiche i bPort Láirge; sa bhliain chéanna, bhunaigh Messrs. Hayes, Burnett agus Rowe Cork Glass Company. Bhunaigh Benjamin Edwards monarcha gloine i mBaile Mhic Gearóid lasmuigh de Bhéal Feirste in 1776. Ba hiad na príomhainmneacha a raibh baint acu le déantúsaíocht gloine i mBaile Átha Cliath ná Richard Williams & Co. (1764-c. 1827) agus Charles Mulvany (1785-1846).

Tá cúpla réad ar taispeáint a léiríonn cruthanna a bhain le gloine Éireannach go traidisiúnta. I measc na samplaí tá an babhla le sceimheal deilte, an próca clúdaithe a suíonn a chlúdach ar fheire atá béal faoi, an babhla citil-druma ina bhfuil clais láir chun sú silte a bhailiú, an geor a bhfuil cluas cuartha air a bhfuil cáil air dá cháilíocht aeistéitiúil seachas dá phraiticiúlacht agus an mhias/pláta a bhfuil clú agus cáil uirthi dá héagsúlacht cruthanna agus méideanna.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 4 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo