Sraith 4

Peirseach agus Indiach, Ealaín Nua, Mór-roinneach

Ceannaíodh an chuid is mó den ghloine Pheirseach agus Indiach in Ard-Mhúsaem na hÉireann le linn an 19ú haois, laistigh de chúpla bliain ó osclaíodh an Músaem. Bhí an chuid is mó den bhailiúchán seo comhaimseartha ag an am sin, agus é ina shampla den bheartas bailiúchán fairsing a ghlac an institiúid nua ar lámh. Is iad na réada gloine Peirseacha is tábhachtaí atá ar taispeáint ná aisréadóirí bolaidh a bhfuil muiníl arda orthu agus buidéil fíona. Séideadh roinnt díobh isteach i múnlaí, a chruthaigh a ndeirí muiníl. Cuireadh liopa leata réidh orthu seo nó lúbadh iad. I roinnt cásanna cuireadh crobhaingí bláthanna ar bhun an taobh istigh.

Tá dathú teimhneach sainiúil sa bhailiúchán gloine Indiach agus tá liopaí saintréitheacha leathana leata tarraingthe síos ar an dá thaobh den vása le feiceáil ann chomh maith. Bhain an ghloine san India le tuaisceart na tíre go traidisiúnta, dírithe ar Deilí.

Tagann an bailiúchán de ghloine san Ealaín Nua ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain, ó áiteanna san Eoraip agus i Meiriceá araon. Bhí an Ealaín Nua ann mar stíl mhaisiúcháin le linn na 1890í agus na 1900í luatha. Chuir Emile Gallé agus Louis Tiffany (iad araon le feiceáil anseo) go háirithe in oiriúint do ghloine é trí rilíf agus ornáideachas cruain ar nós patrúin bhláthacha le teannóga mionsaothraithe. I measc na n-ealaíontóirí eile ar taispeáint a chloígh leis an Ealaín Nua tá François-Eugène Rousseau, Ernest-Baptiste Léveillé, Loetz, Wennerberg agus Lobmeyr.

Dátaíonn an ghloine Eorpach Mhór-roinneach sa bhailiúchán ó dheireadh an 17ú haois go dtí an 19ú haois agus tagann sí ó cheithre thír: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn agus an Ísiltír. Astu seo, tá cáil ar ghloine ón nGearmáin dá greanadh agus cruanadh ardchaighdeáin, agus tagann na cinn is aeistéitiúla anseo ón 18ú haois.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 5 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo