Sraith 1

Monarcha gloine Pugh, Nua-aimseartha agus Comhaimseartha

Baineann stair an mhonaraithe gloine i mBaile Átha Cliath le linn deireadh an 19ú haois le muintir Pugh. I mBealtaine 1863 ghlac Thomas Leetch agus Thomas agus Richard Pugh an mhonarcha gloine Potter’s Alley ar Shráid Mhaoilbhríde ar lámh ó ghnólacht Irwins. Rinneadh réimse leathan gloine tí agus thionsclaíoch. Chuir siad saoirseacht na gceardaithe ba mhó éilimh a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath ag an am i mbun oibre. Faoi choimirce ghnó Pugh, d’fhorbair an greanadóir gloine Boihéamach mór le rá Franz Tieze stíl thar a bheith indibhidiúil agus galánta ina bhfaightear réimse de mhóitífeanna nádúraíocha agus nua-Cheilteacha. D’éirigh go maith le Tieze, agus le greanadóirí eile ar nós Joseph Eisert agus William Hieronimus Fritchie, i dtaispeántais thionsclaíocha na hÉireann i ndeireadh an 19ú haois de bharr ardchaighdeán a gcuid ceardaíochta.

I ndiaidh do mhonarcha gloine Potter’s Alley dúnadh c. 1890, ní dhearnadh a thuilleadh gloine breochloiche in Éirinn go dtí gur oscail Waterford Glass (Waterford Crystal anois) i mBaile Throcail, Port Láirge i 1947. Cuireadh caipiteal isteach san fhiontar go luath sna 1950í agus tá clú bainte amach ag Waterford Crystal dó féin anois ag leibhéal idirnáisiúnta mar bhranda a bhaineann go sainiúil le hÉirinn.

Tá Ealaín Ghloine Éireannach chomhaimseartha tagtha chun cinn le níos déanaí anuas. Ba é bunú na gluaiseachta Gloine Stiúideo sna Stáit Aontaithe le linn na 1960í a spreag é agus tá fíor-dhearadh comhaimseartha (saothar á tháirgeadh ag ealaíontóir ón gcoincheap go dtí an réad deireanach) in Éirinn ó luath sna 1970í. Bhunaigh Simon Pearce an chéad stiúideo gloine sa tír seo i gCill Chainnigh. Inniu tá thart ar 350 duine bainteach le gníomhaíochtaí bunaithe ar stiúideonna gloine. I measc na n-ealaíontóirí atá léirithe sa stór tá Paul Devlin, Bob Frazier, Alva Gallagher, Elaine Griffin, Deirdre Rogers, Karen Scally, Shirley Steadmond, Suzannah Vaughan agus Catherine Wilcoxson.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 2 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo