Sraith 2

Gloine Sheandálaíochta, Gloine Veinéiseach

Tagann an ghloine ó cheantar gabhála na Róimhe ón 2ú haois R.Ch. agus rinneadh í ar fud na himpireachta sin. Bhí dhá mhodh táirgeachta in úsáid, an chéad cheann ag úsáid múnla ónar táirgeadh samhlacha de chaimeo agus intaglio agus cuireadh ar throscán, miotalóireacht nó earraí gloine iad ansin. Sa dara modh, séideadh soitheach gloine isteach i múnla. ‘Unguentaria’ a thugtar ar na cineálacha fleascanna múnlaithe a dhéantar mar thoradh air seo. Is foirm mhaisiúcháin thréithiúil atá i sraith easnacha comhthreomhara atá curtha ar an taobh amuigh den ghloine nó múnlaithe anuas uirthi. Fuarthas gloine Rómhánach ón mBailiúchán Náisiúnta in áiteanna cosúil le Mount Carmel, Iarúsailéim, Herculaneum, Hebron, Tyre, Nazarat, Sidon, Beth Gibrin, an Chipir agus Caireo.

Tagann an bailiúchán gloine Veinéiseach ón 17ú go dtí 19ú haois. I measc na gcatagóirí aitheanta de ghloine Veinéiseach tá gloine chruanta agus óraithe; trédhearcach neamhdhaite (cristallo), reoghloine, millefiori (meascán de chánaí gloine de dhathanna éagsúla) agus schmelz. Táirgeadh an modh deiridh seo ag aithris ar mharmair agus ar chlocha lómhara éagsúla, agus tugann siad cuma féitheach breac de dhathanna gorm-uaine agus corcra. Is í an teicníc is aitheanta a bhaineann leis an Veinéis, agus Murano go háirithe, ná Vetro di Trina (gloine lása). Bhí athbheochan déanta ar an modh seo faoi 1830-40, agus is éard atá ann ná na snáitheanna míne de ghloine dhaite nó gheal (Latticinio) a shníomh isteach i gcorp réada.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 3 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo