Sraith 7

Poirceallán Seapánach, poirceallán Síneach, Wedgwood, earraí cruachré Gearmánacha

Is iad na trí phríomhearra poircealláin a bhaineann leis an tSeapáin ná Arita, Imari agus Satsuma, agus bhí an cháil is mó ar an gceann deireanach. Ba é an Prionsa Yoshihiro a bhunaigh an chéad mhonarcha Satsuma i ndeireadh an 16ú haois le cabhair ó roinnt potairí ón gCóiré. Tá órú láidir agus dathú fial le feiceáil ar na hearraí níos déanaí (ón 19ú haois). Rinneadh an chuid is mó den phoirceallán sa stíl Satsuma atá ar taispeáint i monarchana Kutani.

Tá rogha bheag ó bhailiúchán poircealláin Síneach an Ard-Mhúsaeim le feiceáil chomh maith. Ar bhonn uimhriúil, tá poirceallán agus potaireacht Síneach ar an bhfothacar is mó de bhailiúchán criadóireachta an Mhúsaeim, ní hamháin go bhfuil Vása Fonthill uathúil ann (c. 1300 A.D.), ach tá ábhar ó na Ríshleachta Han (206B.C.-220A.D.), Tang (618-907A.D.), Song (960-1279A.D.), Yuan (1280-1368A.D.), Ming (1368-1644A.D.) agus Qing (1644-1911A.D.). Is ó chineál ar a dtugtar ‘blanc-de-chine’ an chuid is mó den phoirceallán atá ar taispeáint, téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar phoirceallán fíor-thréshoilseach a rinneadh i gcúige Fujian ón 17ú haois luath go dtí an lá atá inniu ann.

Tháinig an photaireacht Wedgwood is tábhachtaí chuig an institiúid seo ó Músaem Tionsclaíochta na hÉireann (a bunaíodh in 1847) le linn an 19ú haois déanaí. Ba é Josiah Wedgwood a bhunaigh é in 1759, agus ba é féin a tháinig suas le dhá cheann de na príomhchatagóirí - seaspar agus basalt. Bhí margadh chomh mór ann don Wedgwood in Éirinn gur oscail an chuideachta ionad miondíola i mBaile Átha Cliath idir 1722 agus 1777.

Dátaíonn an bailiúchán d’earraí cruachré Gearmánacha agus Pléimeannacha ón 16ú haois agus déantar ionadaíocht ann, i measc eile, ar na hionaid déantúsaíochta réigiúnacha i Frecken, Siegburg, Nassau agus Grenzhausen. Is éard atá sa mhaisiúchán ar an dromchla ná arabesque le rilífí ísle, maisc agus armais.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 8 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo