Sraith 8

Scrínte Seapánacha, Bailiúchán Bender, laicear agus eabhar Síneach

Úsáidtear an téarma ‘Amidanyorai Zazo’ chun na scrínte Seapánacha a shainiú mar a fheictear sa tsraith seo. Cuireadh sa teach iad agus bhí siad ina bpointe fócais le haghaidh cúrsaí adhartha. I gcásanna áirithe bhí siad óraithe go hálainn agus cuireadh i ranna iad, a d’fhéadfaí a dhúnadh.

Thug Bender féin Bailiúchán Albert Maurice Bender (1866-1941) d’Ealaín an Chianoirthir don Ard-Mhúsaem le linn na 1930í agus baineann tábhacht idirnáisiúnta ar leith leis. Rinneadh an mórthabhartas seo i gcuimhne ar a mháthair Augusta Bender agus bronnadh ar a thír dhúchais é, toisc gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é. D’fhág sé a rian ar chathair San Francisco, áit ar oibrigh sé mar bhróicéir árachais, agus áit a raibh sé ina phátrún ealaíon agus ina iontaobhaí ar Mills College, Oakland. Is éard atá i mbailiúchán Bender ná péintéireachtaí T’angka, priontaí bloic adhmaid, fallaingí, séad, buidéil snaoise, eabhar, péatar, criadóireacht, dealbha reiligiúnacha, bábóga, agáit, carraigchriostal, gloine, laicear, bóilinít agus dealbha, agus tá roinnt díobh ar taispeáint.

Is féidir miotalóireacht chruanta ón gCantainis, figiúirí cré Síneacha, adharc snoite shrónbheannach, agus réada a bhaineann le reiligiúin Chonfúiceacha agus Taocha agus agalmatailít a fháil sa tsraith seo. Ba chóir aird ar leith a thabhairt don eabhar agus laicear Síneach. Dar ndóigh, is léir an chontrárthacht dearaidh idir na réada seo agus a macasamhla Seapánacha i Sraitheanna 9 agus 12, de réir mar atá an éifeacht threáite ina shaintréith den eabhar Síneach.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 9 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo