Sraith 5

Frederick Vodrey, maiolica Iodálach, maiolica Spáinneach, potaireacht Ioslamach, faensa Fhrancach, deilf Ollannach

Bhí saotharlann potaireachta ag Frederick Vodrey i mBaile Átha Cliath ó c.1882 go 1897, agus bhí seoltaí aige ar Shráid Anraí, ar Shráid Mhuire agus ar Shráid an Mhúraigh. Is cosúil gurbh é an suíomh deireanach an príomhstóras d’oibreacha potaireachta. Cé nach raibh sé ina photaire oilte é féin, chuaigh a chuid fostaithe i mbun píosaí a dhearadh, a léirigh tionchair Cheilteacha, Arabacha, Chlasaiceacha nó na Nua-Ealaíne. Dar ndóigh, i gcásanna ar leith, d’éirigh leo glónrú dearg rúibíneach agus buí antamóin mar a fhaightear ar chriadóireacht an Chianoirthir a bhaint amach.

Úsáidtear an téarma ‘maiolica’ le haghaidh earraí lonracha ó Valencia sa Spáinn, a tháinig chuig an Iodáil tríd an Oileán Bailéarach Mallarca (óna dtagann an t-ainm ‘maiolica’ nó ‘maiorica’). Baintear úsáid as an téarma seo freisin chun idirdhealú a dhéanamh idir na hearraí stán-ghlónraithe go léir ó náisiún ar bith a táirgeadh ag baint úsáide as na dathanna polacrómatacha Iodálacha traidisiúnta gorm, uaine, corcra-mangainéise, buí agus oráiste. Baineann an chriadóireacht ar a dtugtar ‘faensa’ le hábhar níos déanaí ón 17ú haois ar aghaidh, a táirgeadh sa scéim dathanna luath nó níos minice sa stíl Ollannach-Síneach (deilf). Tagann an maiolica Iodálach sa bhailiúchán ón 16ú go dtí an 19ú haois agus tá saothair dhéantúsóirí tábhachtacha ar nós Monte Lupo, Castel Durante, Urbino, Faenza, Venice, Genoa, Castelli, Cantagalli, Castellani ón Róimh agus L’arte della Ceramica ó Flórans le feiceáil ann. Sa tsraith seo chomh maith tá an terracotta stán-ghlónraithe sainiúil a rinne an t-ionad cáiliúil Della Robbia i bhFlórans.

Tá na hearraí Hispano-Moresque maisithe le dearaí i loinnir mhiotalach. Faigheann na dearaí seo inspioráid ón Meánoirthear, agus is iad na hArabaigh a thug chun na Spáinne ar dtús iad. Is éard atá sa mhaisiúchán ná duilliúr agus bláthanna den chuid is mó, agus feictear armais orthu uaireanta. Tagann an chuid is mó den bhailiúchán ón 16ú haois. Tagann an chuid is mó den photaireacht Ioslamach atá ar taispeáint ón Tuirc agus ó Impireacht na Peirse (thart ar an 17ú haois). Tá clú agus cáil ar Impireacht na Peirse dá glónruithe monacrómacha áille, ach tugtar suntas d’earraí Isnik na Tuirce ó dheireadh an 16ú haois de bharr an maisiúcháin de dhuilliúr polacrómatach ar a dhromchla.

Baineann bailiúchán faensa Francaí an Mhúsaeim le hionaid déantúsaíochta i Rouen, Moustiers agus Lyons i measc eile. Tagann na samplaí ó amanna éagsúla ón 17ú haois. Baineann tábhacht ar leith leis an mbailiúchán deilfe Ollannaigh i gcomhthéacs na hÉireann, toisc go ndearnadh aithris ar an macasamhail den repertoire maisiúil Síneach atá le feiceáil ann níos déanaí le linn an 18ú haois in Éirinn. Ar dtús bhí tionchar mór ag líon mór poirceallán Síneach a thug an Dutch East India Company (a bunaíodh i 1609) isteach san Eoraip ar earraí deilfe Ollannacha.

Ar mhaithe le comparáid a dhéanamh taispeántar tíleanna ó chríocha Ioslamacha, ón Spáinn, ón Iodáil agus ón Ísiltír le chéile chun na foirmeacha éagsúla de chré-earraí stán-ghlónraithe a léiriú.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 6 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo