Sraith 6

Della Robbia: Birkenhead, earraí Bhéal Leice (Belleek), earraí deilfe na hÉireann, Institiúid na Banríona, Carraig Uí Leighin, Comhaimseartha

Bhí saotharlann potaireachta Della Robbia, Birkenhead, Sasana, i mbun oibre idir na blianta 1893 agus 1906. Chuaigh criadóireacht Ioslamach agus maiolica Iodálach le Cantagalli i gcion ar stíl Della Robbia. Léiríonn na réada atá ar taispeáint dearadh nua-Cheilteach agus táirgeadh iad do Thaispeántas Chorcaí i 1902.

Tosaíodh ar earraí Bhéal Leice (Belleek) a dhéanamh in 1863, i ndiaidh do W.H. Kerr agus Robert Williams Armstrong dul chuig David McBirney ó Theach Hibernian, Cé Aston, Baile Átha Cliath chun maoiniú a fháil don fhiontar. Ag Taispeántas Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath in 1865, ba earraí cruachré agus gréithe a bhí ar taispeáint ag Béal Leice den chuid is mó, ach bhí roinnt dealbhadóireacht phairiach agus cré-earraí acu chomh maith. Ag an tús, bhí naisc le saotharlanna potaireachta Staffordshire agus Worcester le feiceáil sa dearadh.

Baineann earraí deilfe na hÉireann go príomha le Henry Delamain, a ghabh World’s End Pottery, Lána an Fhrancaigh, Baile Átha Cliath, i 1752. Tháirg sé réada ar nós scairdeáin bhalla, seirbhísí dinnéir agus prócaí poitigéirí. I measc na bhfostaithe ba cháiliúla a bhí aige sa tsaotharlann bhí an péintéir tírdhreacha Peter Shee i lár an 18ú haoise. Is cosúil gur theip ar an monarcha seo thart ar 1773.

Bunaíodh ‘The Queen’s Institute for the Training and Employment of Educated Women’, Scoil do Phéintéireacht ar Phoirceallán in 1870, agus bhí sí bunaithe i Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath. Tháinig an spreagadh chun an fiontar a bhunú ó W.H. Kerr (atá cáiliúil as earraí Béal Leice (Belleek) agus Worcester). In 1869 thug Kerr cuireadh do Herbert Cooper an scoil a bhainistiú. Is móitífeanna de bhláthanna agus de thorthaí atá sna dearaí a phéinteáil Cooper agus mná na hInstitiúide den chuid is mó.

Tugann rogha bheag ó bhailiúchán ‘Carrigaline Pottery’ (1928-79) ó Chontae Chorcaí de chuid an Mhúsaeim scéal na criadóireachta in Éirinn suas go dtí an lá inniu. Ba é H.W.B. (Hodder) Roberts a bhunaigh ‘Carrigaline Pottery’ i 1928, agus tháinig an treoir ealaíne ón bpotaire Louis T. Keeling ó Stoke-on-Trent ar dtús. Is saintréithe de ‘Carrigaline Pottery’ iad na breacghlónruithe sainiúla agus earraí ornáideacha i bhfoirm ainmhithe agus éan.

Tá ealaín cheirmeach chomhaimseartha tar éis forbairt in Éirinn le blianta beaga anuas, agus bhí an dealbhóir Kathleen Cox (1904-72) ina ceannródaí air seo. Ó thaobh an 20ú haois agus sa lá atá inniu ann, tá a lán déantóirí gníomhacha in Éirinn, ina measc tá Cormac Boydell, Peter Brennan, Pat Connor, Sara Flynn, Vivienne Foley, John ffrench, Grattan Freyer, Geoffrey Healy, Maureen Hosty, Michael Kennedy, Sonja Landweer, Deirdre McLoughlin, Nicholas Mosse, Louis Mulcahy, Patrick O’Hara, Stephen Pearce agus Martin Thompson.

Chun léamh faoi ábhar Shraith 7 cliceáil Ar Aghaidh

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo