Mamaigh an Domhain - Dúnta i gcomhair Athchóirithe

Is ar an gcéad urlár atá na léamair, ápaí, agus moncaithe a bhaineann leis an ngrúpa ar a dtugtar príomhaigh, a mbainimid féin leis chomh maith.

Cebus apella, an moncaí cochallach donn, ó Mheiriceá Theas

Ina measc seo, is iad na moncaithe cosúil leis an moncaí cochallach donn Cebus apella a léiríonn na saintréithe atá i bpáirt ag an ngrúpa seo linn. Amharcann na súile díreach ar aghaidh, rud a thugann radharc maith dóibh chun tosaigh, rud atá riachtanach don saol sa chrann chun achair a mheas. Gné choiteann eile i measc na n-ainmhithe sa ghrúpa seo is ea ordóg fhreasúrach ar gach lámh, a ligeann dóibh greim a bhreith ar chraobhacha. Tá sé de chumas ag cuid mhaith de na príomhaigh é seo a dhéanamh lena gcosa chomh maith lena lámha agus tá eireabaill ag cuid acu is féidir a úsáid chun breith ar chraobhacha agus cabhrú leo a gcothromaíocht a choimeád i gceannbhrat na foraoise.

Tá súile chun tosaigh ar fheoiliteoirí chomh maith. Tá radharc na súl oiriúnaithe acu chun a gcreach a sheilg. Tá cait ar chuid de na feoiliteoirí is sciliúla. Sampla amháin ná an liopard Felis bengalensis, atá le fáil ar fud na hÁise chomh fada leis an India san iarthar agus anonn chuig na hoileáin thoir, lena n-áirítear na hOileáin Fhilipíneacha agus an tSeapáin.

Is é an tíogar Panthera tigris an cat is mó, agus d’fhéadfadh sé a bheith 400 cileagram ar meáchan. As ocht gcinn d’fho-speicis tíogair ag tús an 20ú haois, maireann trí cinn díobh anois. Is tíogar Beangáile ó Neipal é an t-eiseamal atá ar taispeáint agus ba é an Rí Seoirse V a thug don mhúsaem é i 1913. Ó shin i leith tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dtíogar. Cé go mbíonn dúil ag sealgairí iontu dá bhfionnadh, seilgítear iad dá gcnámha chomh maith, a úsáidtear i leigheasanna a bhfuil an-tóir orthu sa Chianoirthear.

Is saintréith de chuid na gcreimirí é fiacla géara cnaíte a bheith suite chun tosaigh ina mbéal, áirítear hamstair agus ioraí sa ghrúpa seo. Cé go bhfuil tuairim is 250 speiceas d’ioraí ann, aithnítear baill an ghrúpa seo ar an bpointe mar gheall ar a n-eireaball scothach. Is féidir leis an olliora Indiach a bheith suas le 3 cileagram ar meáchan agus tá sé i bhfad níos mó ná a ghaolta rua agus liath a fheictear in Éirinn. Úsáideann an speiceas Ratufa indica, ar a dtugtar iora Malabar chomh maith, a eireaball chun é féin a choinneáil cothrom sna crainn, ionas go mbíonn a lámha saor ansin chun greim a choimeád ar bhia agus é ag ithe torthaí boga, cnónna agus buinneoga i bhforaoisí na hIndia. Cabhraíonn a n-eireabaill le hioraí ar an gcaoi chéanna agus iad ag léim trí cheannbhrat na foraoise. Is tréith í seo atá i bpáirt ag moncaithe agus ag ioraí.

Cnámharlach den hamstar coiteann Cricetus cricetus, ag taispeáint na bpúitsí leicinn

Ní bhíonn aon easpa soláthairtí ar an ngnáth-hamstar Cricetus cricetusagus is féidir leis é féin a líonadh le bia. Léiríonn an cnámharlach íogair seo méid na bpúitsí leicinn a líontar le síolta nó le fásra. Ligeann na púitsí seo don ainmhí a chuid bia a bhailiú chomh tapa agus is féidir leis agus rith ar ais go dtí a pholl sábháilte chun a bhéile a ithe, agus úsáideann sé a lapaí tosaigh chun an bia a bhrú amach. Anuas ar phlandaí a ithe, itheann hamstair ainmhithe beaga ó am go ham lena n-áirítear froganna, lucha agus nathracha nimhe fiú amháin. Tagann an sampla fiáin seo atá ar taispeáint sa Mhúsaem ón nGearmáin, áit a bhfuair na hainmhithe seo a n-ainm coitianta a chiallaíonn ‘gobachán arbhair’, ach tá an speiceas le fáil ar fud lár na hEorpa agus na Rúise. Is ainmhí aonaránach agus ionsaitheach é, ach ábharach go leor tá a ghaol, an hamstar órga, Mesocricetus aureus ó Oirthear na hEorpa agus an Mheánoirthear, beagán níos cairdiúla agus coinnítear é mar pheata.

Ainmhí amháin ar éirigh leis teacht slán de bharr a chumas maireachtáil i dtimpeallacht gharbh i bhfad ó shealgairí is ea an damh muscach Ovibos moschatus. Is marthanóir é seo ón Oighearaois agus faightear inniu é sna réigiúin éagsúla timpeall ar an bPol Thuaidh. Maraíodh an mháthair agus an damh óg atá sa mhúsaem ar Oileán Melville i dtuaisceart Cheanada go luath sa naoú haois déag. Ba é an taiscéalaí Artach Leopold McClintock a mharaigh iad. Tá an damh muscach oiriúnaithe don fhuacht agus d'iníor bocht, agus tá sé ar cheann den bheagán ainmhithe móra atá le fáil sa réigiún seo. Bhí na hainmhithe seo i measc roinnt ainmhithe a d’ith grúpa McClintock agus iad ar a n-aistear fada trasna tailte reoite an Bhealaigh Siar ó Thuaidh.

Bíonn cruthanna an-difriúla ar ainmhithe na machairí oscailte i gcomparáid le hainmhithe a mhaireann sna crainn. Is antalóp beag é an oiribi Ourebia ourebi ar a bhfuil cosa fada díreacha mar a bheadh ag reathaí tapa, cosúil leis an gcuid eile den mhianach. Tréith eile d'fhéaránaigh a bhíonn i mbaol ó chreachadóirí ar na machairí oscailte is ea suíomh na súl ar thaobh an chloiginn. Bíonn radharc maith súl acu i ngach treo agus nuair a nasctar é sin lena nós maireachtáil i dtréad áit a mbíonn neart súile eile ag faire orthu, coinníonn sé na hantalópanna ar an airdeall d’aon bhaol. Stopann an oiribi san fhéar fada nuair a fheiceann sé creachadóir agus ligeann siad fead mar rabhadh do na hainmhithe eile go bhfuil baol ann. Ritheann siad go stocáilte, ag preabadh timpeall chun mearbhall a chur ar aon chreachadóir a d'fhéadfadh an grúpa a ionsaí. Tagann an oiribi atá ar taispeáint sa Mhúsaem ó log salainn Longwe in Angóla in iardheisceart na hAfraice.

An pangailin crainn mionghainní Manis tricuspis ón gCongó

Is minic a bhíonn ar ainmhithe nach bhfuil chomh tapa sin iad féin a chosaint ó chreachadóirí. Tá an pangailin crainn mionghainní Manis tricuspis clúdaithe le gainní déanta d'ábhar atá díreach cosúil le d’ionga féin. Nuair a bhagraítear orthu déanann siad liathróid armtha díobh féin atá deacair a ionsaí. Tháinig an t-eiseamal a thaispeántar anseo ó fhoraoisí Huri sa Chongó agus is ceann amháin é de roinnt speiceas de phangailiní san Afraic. Tá teanga fada acu atá clúdaithe le seile ceangailteach, díreach an rud ceart le breith ar sheangáin agus teirmítí. Tá na crúca láidir go leor le neadacha ina mbíonn na feithidí seo ina gcónaí a réabadh as a chéile.

Tá roinnt tréithe i bpáirt ag an móralpaire seangán Myrmecophaga tridactyla ón Afraic Theas agus na pangailiní Afracacha cé gur éabhlóidigh sé ar mhór-roinn difriúil agus níl sé gaolta leo. Tá an chosúlacht seo ann de bhrí go bhfuil nósanna maireachtála cosúla ag an dá ainmhí. Tá crúba láidre agus teanga fada ceangailteach atá os cionn 60 ceintiméadar ar fad ag an arcán talún chomh maith, agus is féidir leis seangáin a ithe ag ráta de 150 leadhb sa nóiméad. Tá teocht choirp an ainmhí seo ar an gceann is ísle amach as aon ainmhí talún ag 32.7° C, 37° C an teocht atá againn féin.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo