Tá trí ghailearaí sa taispeántas, dar teideal Cumhacht, Obair agus Urnaí, a léiríonn an scoilt faoi thrí a bhí i sochaí na meánaoise - uaisle, gnáthdhaoine agus an chléir.

Déantar stíl mhaireachtála na n-uaisle a fhiosrú, fad is a léiríonn airm agus cathéide atá fós ar an saol saintréithe na cogaíochta in Éirinn na Meánaoise.

Déanann an taispeántas iniúchadh ar na foirmeacha éagsúla talmhaíochta (tréadach agus arúil) a cleachtadh. Léiríonn comharthaí ó thochailtí uirbeacha trádáil allmhairíochta na hÉireann agus na ceirdeanna agus tionscail éagsúla a bhí ar siúl sna bailte.

D’athraigh eaglais na hÉireann go bunúsach sa 12ú hAois, cé gur tháinig mórán traidisiúin eaglaise níos sine slán. Féachann an taispeántas ar dheabhóid agus ar chleachtas reiligiúnach chomh maith le feistis eaglaise, lena n-áirítear rogha bhreá taiseagán ón meánaois dhéanach: cumhdaigh leabhair, cumhdaigh chloigín agus bachalla.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, an Chéad Urlár, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo