Is minic a coinníodh réada a bhain le naoimh in Éirinn fadó i ndiaidh a mbás, agus bhí na taisí seo curtha i gcumhdaigh miotail lómhar. Tháinig fear áitiúil, John Towey, ar chrios a bhain le naomh gan ainm, i Maigh Locha, Co. Shligigh, nuair a bhí sé ag baint mhóna. Bhí an crios leathair i gcumhdach cré-umha. Bhí go leor maisiúcháin airgid, gloine agus cruan déanta air seo. Is ón ochtú haois é Cumhdach Creasa Mhaigh Locha agus tá sé ar cheann de na mór-sheoda as Éirinn fadó.
Beidh an taispeántas sealadach seo le feiceáil ag Páirc Thurlaigh go dtí Meitheamh 2009.