Cumhdach Creasa Mhaigh Locha - Comórtas Scríbhneoireachta do Dhaoine Fásta
Tugann Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe cuireadh duit do chuid scileanna scríbhneoireachta cruthaitheacha a úsáid trí dhán nó gearrscéal a chumadh faoi spreagadh Chumhdach Creasa Mhaigh Locha.
Spriocdháta: 31 Márta 2009.
Is seoid mheánaoiseach ó Cho. Shligigh é Cumhdach Creasa Mhaigh Locha agus beidh taispeántas sealadach de ann go dtí Meitheamh 2009.
Níl de dhíth ach do chuid samhlaíochta...
Déan teagmháil leis an Rannóg Oideachais agus For-rochtana chun tuilleadh eolais a fháil.
Teil: 094 90 31751
Facs: 094 90 31498
Téarmaí agus Coinníollacha
- Tá an comórtas oscailte do ghearrscéalta/dánta úrnua nár foilsíodh riamh, trí Bhéarla le huasmhéid 2000 focal. Ní mór an scéal nó an dán a bheith bunaithe ar Chumhdach Creasa Mhaigh Locha.
- Ba chóir d’iarratas a bheith clóscríofa más féidir (nó lámhscríofa go soiléir inléite), le spásáil dhá líne (clómhéid 12) agus níor chóir dó a bheith ach ar thaobh amháin den leathanach. Ní féidir lámhscríbhinní a sheoladh ar ais.
- Ba chóir teideal a bheith ar d’iarracht.
- Tabharfar duais foriomlán don ghearrscéal/dán is fearr. Níl dul thar chinneadh na moltóirí, agus bronnfaidh siad roinnt duaiseanna freisin ar iarratais a mholtar go hard.
- Foilseofar iarratais a bhuann duais agus rogha d’iarratais fiúntais ar ár láithreán gréasáin.
- Glacfar le foirm iarratais ar a bhfuil ‘Cumhdach Creasa Mhaigh Locha’ scríofa go soiléir, go dtí an Spriocdháta 31 Márta 2009.
Foirm Iarratais do Chomórtas Scríbhneoireachta Mhaigh Locha Adult - Moylough writing competition form.pdf (0.11 MB, Adobe PDF)