Neillí Mulcahy - Haute Couture na hÉireann sna Caogaidí agus na Seascaidí.

Breathnaíonn an taispeántas seo ar shaothar an dearthóra faisin as Éirinn, Neillí Mulcahy. Bhí salón rathúil a rinne éadach haute couture ag Neillí i mBaile Átha Cliath ó 1951 go dtí 1969. Bhí cáil uirthi as bréidín na hÉireann a úsáid as an nua, ag obair i gcomhar le fíodóirí lámh chun fabraicí a tháirgeadh as fíodóireacht éadrom agus i ndathanna saibhre. Tá an úsáid a bhain Neillí as fabraicí, cur i láthair a bailiúchán bliantúil, agus an rath a bhí ar a saothar i Meiriceá ar chuid de na téamaí a chlúdaítear. Tá rogha d’éadach lae agus éadach tráthnóna sa taispeántas, chomh maith le grianghraif chomhaimseartha, léaráidí faisin, píosaí ó pháipéir nuachta agus ábhair ó chartlann Neillí.

Suíomh: Dún Uí Choileáin, Seomra 9, 2ú Urlár an Bloc Thiar 

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo