Greimeanna Románsacha agus Sceitsí Réadúlacha

Tá an Taispeántas seo dúnta anois

Osclóidh taispeántas nua de éadaí cniotáilte agus líníochtaí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, san Aibreán. Léireoidh an taispeántas réimse d’éadaí cniotáilte as Oileáin Árann ó thús an 20ú hAois agus sraith líníochtaí de chuid Seán Keating RHA. D’úsáid an fear gnó Pádraig Ó Síocháin na líníochtaí chun bróisiúr a mhaisiú chun éadaí cniotáilte Árannacha a chur chun cinn ar fud an domhain i rith na 1960í agus na 1970í. Díríonn an taispeántas ar scéal margaíochta uathúil éadaí cniotáilte Árannacha chomh maith le díriú ar chuid de na traidisiúin a bhain leis na greimeanna a úsáideadh chun iad a dhéanamh.

Rinneadh agus easpórtáladh na mílte geansaí Árannach agus díoladh iad ar fud an domhain mar shiombail d’Éirinn agus mar tháirge d’ealaín tíre traidisiúnta. Chaith na Clancy Brothers agus Tommy Makem iad mar fheisteas stáitse agus scaip siad a gcáil gach áit a ndeachaigh siad. Ba ‘Aran jumper’ ‘Aran sweater’ ‘Aran gansey’ nó geansaí a tugadh air ó Chill Rónáin go Baile Átha Cliath agus ó Nua Eabhrac go Tóiceo. Tá tús scéil éadaí cniotáilte Árannach chomh deacair teacht air anois is a bhí riamh, agus cé go bhfuil iarracht déanta ag go leor daoine é a aimsiú, níl againn ach tuairimíocht a dhéanamh ar an gcaoi a d’fhorbair sé agus ar tháinig an méid sin cáil air.

Ba iad na daoine lárnacha ná na cniotálaithe féin a mhair ní hamháin ar Oileáin Árann, ach i mórán áiteanna eile ar chósta an iarthair go háirithe. Mná tí a bhí i gceist beagnach i gcónaí, agus thug siad faoina gceird ar son na gcúpla scilling a fuair siad ar gach geansaí. D’oibrigh siad do na ceannaithe beaga a dhíol na héadaí go háitiúil chomh maith leis na gnólachtaí níos mó a chabhraigh le forbairt tionscail a raibh tarraingt dhomhanda aige.

Beirt de na daoine lárnacha ó thaobh an ghnó de ná Muriel Gahan, nach maireann, bean ildánach a rith an Country Shop ar Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, ó thús na 1930í go dtí deireadh na 1970í. Spreag sí na cniotálaithe trí aitheantas a thabhairt dá dtallann agus dá scileanna. Chuir sí ina luí orthu greimeanna nua a úsáid chun táirge uathúil a tháirgeadh a raibh tarraingt aeistéitiúil, compord agus stíl ag baint leo. Duine eile a bhí tábhachtach ná an dlíodóir a chuaigh isteach i gcúrsaí gnó, Pádraig Ó Síocháin. Tríd a chuideachta, Galway Bay Products, thug sé bealach do na cniotálaithe a dtáirge a dhíol sna 1960í agus na 1970í agus chruthaigh sé bonn custaiméirí san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe.

Tá tionchar fós ag greimeanna Árannacha ar dhearthóirí faisin, idir Jean Paul Gaultier atá aitheanta go hidirnáisiúnta, agus Lainey Keogh agus Joanne Hynes.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo