Céimeanna san Éabhlóid - Dúnta i gcomhair Athchóirithe

Na milliúin bliain ó shin, rinne ainmhithe éabhlóid le corda néarógach, a théann síos tríd a gcorp agus a iompraíonn ordaithe óna n-inchinn chuig na néaróga a thiomáineann na matáin sa chuid eile dá gcorp. Sa chuid is mó de na cásanna bíonn an corda néarógach seo taobh istigh d'fheadán cosantach an chnámh dhroma atá déanta suas de chnámha ar a dtugtar veirteabraí. Tugtar cordaigh ar gach ainmhí sa ghrúpa seo, agus tugtar veirteabraí ar a bhformhór ag a bhfuil cnámharlaigh chnámhacha. Tá réimse cordach ar an mbalcóin ar an dara hurlár den Mhúsaem, leagtha amach i sraith éabhlóideach ón gceann is primitíbhí go dtí na cinn is coimpléascaí.

Samhail ghloine Blaschka den ascaid Halocynthia pyriformis

Is í an ascaid choiteann an cordach is simplí agus níl veirteabraí cnámhacha inti cosúil lena gaolta níos coimpléascaí. Tugtar ‘ascaidí’ orthu freisin, maireann siad ar ghrinneall na farraige, agus pumpálann siad uisce trí chriathair i mballaí a gcoirp, ag scagadh bia ón sáile. Tá sé dodhéanta míolta chomh híogair leo a líonadh le cur ar taispeáint, mar sin is samhail í an ceann seo atá ar taispeáint de Halocynthia pyriformis déanta as gloine. Is ag an gcéim larbhach a nochtann siad an gaol atá acu le hiasc agus le veirteabraigh eile. Bíonn larbhaí na n-ascaidí fadaithe le sliotáin gheolbhaigh cosúil leis na cinn ar iasc, is féidir leo snámh agus is beag cosúlachta a bhíonn eatarthu ag an gcéim seo agus nuair a fhásann siad.

Tá taithí ag scoláirí bitheolaíochta ar fud an domhain ar cheann amháin ar a laghad de na hainmhithe is simplí sa ghrúpa cordach – an amfaibhiorach, nó an lansógach mar a thugtar air freisin. Léiríonn taispeántas an lansógaigh forbairt an ainmhí seo ón ubh go dtí ainmhí lánfhásta i sraith samhlacha déanta as céir. Cosúil le larbhaí na hascaide níl cnámh ná loingeán acu. Tá na cúig speiceas déag sa ghéineas Branchiostoma beag agus maireann siad leathchlúdaithe i ndríodar ghrinneall na farraige i mórán áiteanna ar domhan, ach tá siad an-choitianta in uiscí na Síne. Scagann siad orgánaigh bheaga ón uisce, a shruthaíonn siad tríd an mbéal.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo