Suigh Síos - Buaiteoirí Chomórtas na gCuairteoirí

Tugadh cuireadh do chuairteoirí chuig an Músaem ‘suigh síos’, chun taitneamh a bhaint as na binsí agus na cathaoireacha atá ar fud na ngailearaithe agus an píosa ab fhearr a roghnú. Roghnaíodh na buaiteoirí bunaithe ar an míniú ab fhearr a tugadh ar an rogha a rinneadh.

Fuarthas na hiarratais bhuaiteacha ó:

  • Mary McInerney (Baile Easa Dara, Co. Shligigh)
  • Hildegarde Anz (Halle, an Ghearmáin)
  • Anne Kelly (Baile an Tóchair, Co. Shligigh)
  • Kate Griffin (An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí)
  • Freya Blendell, aois 8 (Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
  • William King, aois 6 (Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo)

Fuair buaiteoirí an chomórtais dearbháin le húsáid in aon cheann de shiopaí féiríní Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Bhí cúig phíosa de shuíochánra an ghailearaí le feiceáil i measc na n-iarratas buacach (féach naisc chun grianghraif a fheiceáil):

Scríobh Mary McInerney (Baile Easa Dara, Co. Shligigh) an méid seo a leanas faoi bhinse darach donn Stephen Richardson, atá maisithe le bís bunaithe orthu siúd atá le feiceáil ag Brú na Bóinne, “I sat here and got lost in thoughts of stone-age man and of traditional crafts of Ireland – mission accomplished.”

Rinne Hildegarde Anz (Halle, an Ghearmáin) cur síos ar bhinse darach donn Elaine McMahon le suíochán féar trá … “like a bridge from older to modern times. It looks beautiful and nevertheless inviting everytime, everyday.”

Roghnaigh Anne Kelly (Baile an Tóchair, Co. Shligigh binse Eric O’Donnell atá déanta ó shraithadhmad beithe, giolcach laicear daite, a ndearna sí cur síos air mar “stand out piece, its easy on the eye and the arse, suits this setting, a good blend of traditional and modern.”

Dúirt Kate Griffin (An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí), agus í ag roghnú binse fuinseoige agus gloine, “it shows that nature is linked from the river outside. It shows that nature can be linked through anything.”

Roghnaigh Freya Blendell, aois 8 (Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo) binse darach donn Anna Marie O’Sullivan le suíocháin imrothlacha mar “I like spinning around on it. It’s fun and interesting.”

Roghnaigh William King, aois 6 (Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo) binse Eric O’Donnell freisin, agus mhínigh sé “You get reeds from lakes and I like lakes. If I get reeds I could make it for my family.”

Ba scoláirí de chuid an chláir Déantúsaíochta agus Dearadh TroscáinLinks to external website ar champas Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo i Leitir Fraic, Co. na GaillimheLinks to external website a rinne an suíochánra mar chuid de chomhthionscadal i gcomhar leis an músaem. Ba taispeántas sealadach a bhí sa suíochánra sa Mhúsaem idir Meitheamh 2007 agus Meán Fómhair 2008. Mar gheall ar chomh mór is a thaitin an troscán leis an bpobal tá an músaem agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo tar éis aontú go bhfágfar an suíochánra san áit atá sé mar shuíochánra buan sa ghailearaí chun go mbainfidh cuairteoirí compord agus taitneamh as.

Tabhair cuairt orainn go bhfeicfidh tú na suíocháin áille seo tú féin.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo