Is iomaí athrú polaitiúil, eacnamúil agus sóisialta a tharla sa tréimhse 1850 - 1950. Na cinn ba shuntasaí acu seo ná an troid chun neamhspleáchas a bhaint amach ón mBreatain agus nuair a baineadh amach an neamhspleáchas sin. Ag an am céanna, bhí feirmeoirí tionónta na hÉireann ag troid le bheith mar úinéirí ar an talamh ar a raibh siad ag obair. Cuireann an taispeántas seo comhthéacs stairiúil ar fáil, ag cur béime ar an tréimhse díreach tar éis an Ghorta Mhóir, agus corraíl Chogadh na Talún, Chonradh na Talún agus Rialtas Dúchais, agus an réiteach deiridh ar cheist na talún in Éirinn tar éis neamhspleáchais.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Leibhéal -1, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo