Tá éadaí agus seodra sa taispeántas seo a chaith daoine in Éirinn go príomha ó na 1760í go dtí na 1960í. Cé go gceapann go leor daoine fós gurb iad na héadaí olla a chaití in Iarthar na hÉireann gnáthéadaí mhuintir na hÉireann, léiríonn an taispeántas seo gur chaith tromlach mhuintir na hÉireann fadó, fiú amháin daoine a chaith fabraicí a fíodh go háitiúil (síoda, línéadach, olla agus cadás), stíleanna a bhí in iomaíocht le lucht faisin na hEorpa. Tá roinnt de na hábhair as a ndearnadh seodra le feiceáil sa taispeántas seodra, chomh maith leis na cúiseanna go léir a bhí ann seodra a chaitheamh agus an réimse stíleanna a cheannaigh agus a chaith daoine síos tríd na blianta.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, An Tríú hUrlár, an Bloc Theas, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo