Tá na réada a bhaineann leis na scileanna éagsúla a cleachtaíodh faoin tuath in Éirinn idir 1850 agus 1950 sa taispeántas seo. Léiríonn sé na modhanna, uirlisí agus táirgí a bhí ag an ngabha, an gabha stáin, rothadóir, deileadóir adhmaid agus siúinéir, cúipéir tuaithe, déantóir úmacha, tuíodóir, déantóir ciseáin, táilliúir agus caibléir.

I rith na tréimhse seo, dhéantaí an chuid is nó de na táirgí a bhí de dhíth ar dhaoine sa ghnáthshaol de láimh trí amhábhair áitiúla a úsáid. Bhí sé de chumas ag go leor daoine freastal ar a gcuid riachtanais féin trí earraí a dhéanamh cosúil le ciseáin as saileach, troscán as adhmad agus soithí as cré. Bhí formhór earraí á ndéanamh ag ceardaithe áitiúla cosúil leis an ngabha nó deileadóir adhmaid.

Cé gur minic a bhí earraí a rinne ceardaithe tuaithe fíorálainn go deo ina bhfoirm; ba í an úsáid phraiticiúil agus an fheidhm is mó a chuaigh i gcion orthu seachas aon aeistéitic. Go ginearálta níor úsáid ceardaithe traidisiúnta toisí ná patrúin scríofa; ina áit sin bhraith siad ar scil agus ar chruinneas a forbraíodh thar bhlianta fada dianphrintíseachta agus taithí. Seoladh a gcuid scileanna ar aghaidh ó ghlúin go glúin, go minic sa teaghlach céanna agus mar thoradh air sin bhí glúnta ceardaithe ann a choinnigh patrúin agus foirmeacha traidisiúnta sna hearraí a chruthaigh siad. Bhí an-mheas ag na ceardaithe ar a gcuid uirlisí, arbh iad an gabha áitiúil, an siúinéir agus an deileadóir go minic a rinne iad. Seoladh ar aghaidh na huirlisí freisin ó ghlúin go glúin. Bhí an-tábhacht leis na ceardaithe seo i bpobal ar bith, chuir siad scileanna agus seirbhísí riachtanacha ar fáil do na daoine agus bhí ard-mheas orthu mar gheall ar a gcuid scileanna.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo