Déanann an taispeántas doiciméadú ar Ré na Lochlannach in Éirinn ó c.800 AD go c.1150 AD. Tá teagmháil tosaigh leis na Lochlannaigh soiléir san ábhar a fhaightear in uaigheanna na Lochlannach ón naoú agus ón deichiú haois in Éirinn. Tugann taiscí ó láithreáin lonnaíochta ón naoú agus ón deichiú haois in Éirinn léiriú ar shaol na tuaithe, agus léiríonn roinnt ornáidí airgid saibhreas lonnaíochtaí Lochlannacha agus Éireannacha na tréimhse sin.

I lár an taispeántais tá torthaí thochailtí an Ard-Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath, a rinneadh idir 1962 agus 1981. Is é seo an bailiúchán is fearr de thaiscí ó thochailtí in ionad uirbeach ón meánaois luath a fhaightear in áit ar bith san Eoraip.

Sa rannóg dheireanach tá miotalóireacht eaglasta ón 11ú agus ón 12ú haois ar taispeáint, a léiríonn comhtháthú stíleanna ealaíne na Lochlannach agus na nÉireannach ag deireadh Ré na Lochlannach.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, an Chéad Urlár, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo