Cad atá sa Stór?

Den chéad uair i stair Ard-Mhúsaem na hÉireann, beidh déantáin a choinnítear sa stór go hiondúil le feiceáil agus teacht ag gach duine orthu. Tá an tsaoráid stórála seo mar chuid d’iarracht chun roinnt de na bailiúcháin is tábhachtaí ón Músaem a chur ar fáil don phobal. Tá na bailiúcháin náisiúnta iomlána ina bhfuil gloine, airgead, péatar, prás, cruan agus ealaín fheidhmeach na hÁise ar taispeáint.

Is réimse tarraingteach déantáin é Cad atá sa Stór? a mheallfaidh samhlaíocht idir óg agus sean. Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann an rochtain bhreise seo ar ár stair agus ár n-oidhreacht a chur ar fáil tríd an áis stórála nua-aimseartha infheicthe seo. Léigh tuilleadh faoin taispeántas seo...

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo