D’oibrigh feirmeoirí agus a dteaghlaigh i rith na bliana chun bia a fhás agus breosla a bhailiú. Bhí orthu a saol a eagrú timpeall ar na séasúir athraitheacha, ag cinntiú gur críochnaíodh gach tasc beag beann ar aimsir agus ar shláinte. I measc na dtascanna seo bhí bainistiú beostoc, fataí agus gránbharra a fhás, agus baint agus sábháil na móna. Bhí iascaireacht mara agus fionnuisce tábhachtach chomh maith. Déanann an taispeántas seo taiscéaladh ar na gníomhaíochtaí seo agus clúdaíonn sé na ceirdeanna éagsúla a thacaigh leo.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Leibhéal -2, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo