- An féidir seomraí a fháil ar cíos ó Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcomhair ócáidí príobháideacha, cosúil le bainiseacha?
Ní ligeann Ard-Mhúsaem na hÉireann seomraí ar cíos ach amháin i gcomhair imeachtaí corparáideacha.
- An bhfuil saoráidí corparáideacha ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ag na ceithre shuíomh?
Níl. Níl saoráidí corparáideacha ar fáil ach amháin ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin agus Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh. Níl aon saoráidí ar fáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, i Sráid Chill Dara, i gcomhair imeachtaí corparáideacha i láthair na huaire, agus tá Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean dúnta go sealadach i gcomhair athchóirithe.
- Cén cineál imeachtaí is feiliúnaí chun bheith ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin?
Preasagallaimh, léachtaí, féastaí, ceardlanna, seoltaí, fáiltithe, cruinnithe, seimineáir agus léachtaí.
- Cén cineál imeachtaí is feiliúnaí chun bheith ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh?
Seoltaí, ceadail, fáiltithe, cruinnithe, seimineáir, ceardlanna agus léachtaí.
- An féidir leis an Músaem turais threoraithe a chur ar fáil i gcomhar le himeacht corparáideach?
Is minic go mbímid in ann turais threoraithe a chur ar fáil, ach braitheann sé ar an lá agus ar an am atá i gceist, agus ar fhoireann a bheith ar fáil. Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil.
- An bhfuil saoráidí corparáideacha an Mhúsaeim oiriúnach do chathaoireacha rothaí?
Tá. Tá gach spás corparáideach oiriúnach do chathaoireacha rothaí.
- Cén mhéid a chosnaíonn sé spás corparáideach a fháil ar cíos ag Ard-Mhúsaem na hÉireann?
Téigh i dteagmháil linn ag +353 1 6486428 chun eolas a fháil maidir lenár rátaí.