Maidir leis an Stiúrthóir
Patrick F. Wallace
Is é an Dr Patrick F. Wallace an Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ó 1988. Sular ceapadh é, bhí sé ar an seandálaí i gceannas ar thochailtí an Mhúsaeim sa Ché Adhmaid - Sráid Sheamlas an Éisc i mBaile Átha Cliath. Bhí siad seo ar na tochailtí uirbeacha ba mhó riamh ó aois na Lochlannach in iarthar nó i dtuaisceart na hEorpa.
Tá clú idirnáisiúnta ar obair an Dr Wallace mar sheandalaí ar aois na Lochlannach agus uirbeachas. Chaith sé seal mar bhall ar choistí tagartha Birka (An tSualainn) agus Kaupang (An Iorua).
Bhí sé freagrach mar Stiúrthóir as nuachóiriú bainistíocht, feidhmiú, taispeántais agus seirbhísí an Mhúsaeim. Tá ceithre shuíomh ag an Músaem anois áit nach raibh ach péire roimhe seo, tá méadú faoi thrí ar an líon foirne, agus bunaíodh sraith ranna nua a chuireann ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh agus ról suntasach a bheith acu i saol cultúrtha na tíre.
Tar éis fairsingiú an Mhúsaeim a fheiceáil ag Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath agus Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, mhaoirsigh an Dr Wallace nuachóiriú na hinstitiúide trí ranna nua caomhnaithe, cláraithe, oideachais agus margaíochta a bhunú (lena n-áirítear asraonta miondíola agus caife). Tá sé ag réiteach anois don dara staid d’fhorbairt Dhún Uí Choileáin, chomh maith le hathchóiriú foirgnimh Stair an Dúlra.
Díríonn foilseacháin acadúla an Dr Wallace don mhórchuid ar sheandálaíocht uirbeach luath-mhéanaoiseach Bhaile Átha Cliath. Tá ábhar scríofa aige maidir le foirgnimh, dugaí, tógáil adhmaid, leagan amach uirbigh, corpais iarann agus luaidhe chomh maith le trádáil idirnáisiúnta. Tá dhá mhonagraf scríofa aige (The Viking Age Buildings of Dublin agus Weights and Balances in Viking Dublin), tá leabhair curtha in eagar aige, agus na dosaenacha alt foilsithe aige. Lena chois sin, chuir sé go mór le stair eacnamaíochta agus áitiúil agus saol na tuaithe i bhfoilseacháin níos mó ráchairte. Rud ann féin i stair an Mhúsaeim ná go bhfuil páipéir foilsithe aige ar ghnéithe a bhaineann le gach ceann de cheithre rannán na hinstitiúide agus ar stair an Mhúsaeim.