Ionad ar Cíos

Na hEalaíona Maisiúla agus Stair

Is sainchomhartha iomráiteach a bhreathnaíonn amach ar an Life é Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair ag Dún Uí Choileáin, ionad galánta agus caoithiúil i gcomhair imeachtaí corparáideacha. Is cuma más cruinniú, comhdháil, fáiltiú nó féasta atá á eagrú agat, tá ceithre spás sainiúla againn a fhreastalaíonn ar idir 5 agus 200 duine. Tá suíomh aoibhinn, seirbhís chairdiúil agus lónadóireacht den scoth á chur ar fáil againn, rud a chinntíonn go gcuimhneoidh tú ar an ócáid.

Breis is 300 bliain den stair

Tógadh Dún Uí Choileáin in 1704 agus bhí trúpaí airm éagsúla ag cur fúthu ann thar na mblianta. Sa lá atá inniu ann, is ann atá Ceanncheathrú Ard-Mhúsaem na hÉireann agus tá taispeántáin tharraingteacha ar stair mhíleata, culaith, troscán, airgead, criadóireacht, boinn airgid agus earraí gloine le feiceáil ann. Tá fáilte roimh lucht eagraithe imeachtaí am a chur ar leataobh chun cuairt a thabhairt ar an Músaem nó turais a eagrú chun freastal ar réimse suime a bheadh ag grúpa ar leith.

Inrochtaineacht den scoth

Tá sé furasta teacht ar an Músaem, tá spásanna páirceála saor in aisce ann, stad ar leith ar an líne Luas, agus é suite in aice Stáisiún Traenach Heuston, gar do lár na cathrach. Tá gach spás corparáideach ann oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

Bróisiúr Saoráidí d’Imeachtaí Dhún Uí Choileáin Events at The National Museum, Collins Barracks.pdf (0.71 MB, Adobe PDF) 

Léigh tuilleadh faoi Sheirbhísí Corparáideacha ag Na hEalaíona Maisiúla agus Stair sa rannóg ‘Ár Seirbhísí’ ar ár láithreán gréasáin.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo