Oideachas aosach
Cuireann Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine atá ag leanúint lena gcuid oideachais taobh amuigh de scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal chun cur lena dtaithí oideachais.
Tá Grúpaí Pobail, Ionaid Oideachais Aosaigh, grúpaí Líonra Foghlama Náisiúnta agus FÁS tar éis tairbhe a bhaint as a bheith ag obair le foireann Oideachais agus For-Rochtana le linn a gcuairteanna nó ar thionscadail speisialta atá forbartha go speisialta i gcomhair aidhmeanna, riachtanais agus cumais na ngrúpaí.
Is féidir turais agus gníomhaíochtaí a chur in áirithint dod’ ghrúpa. Tá gach turas agus gníomhaíocht ag brath ar fáil a bheith orthu. Chomh maith leis na seirbhísí seo, cuireann clár sceidealta na Féilire Imeachtaí an deis ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí beaga páirt a ghlacadh i léachtaí, cainteanna, ceardlanna, léirithe, taibhléirithe agus i gcúrsaí ealaíne agus ceardaíochta.