Daoine Fásta

Turais Phoiblí

Bíonn turais phoiblí ar fáil ag 15:00 gach lá agus díríonn siad ar buaicphointí na dtaispeántas.

Tá costas €2 an duine ar na ticéid agus is féidir iad a cheannach i siopa an Mhúsaeim.

Téigh as radharc an phobail: Turais ar na Stiúideonna Caomhnaithe

Gach mí tugann Caomhnóirí an Mhúsaeim cuireadh don phobal teacht lena gcuid oibre ar na réada atá á gcaomhnú acu a fheiceáil. Is féidir leat caomhnú troscáin agus teicstíle, leabharcheangal agus caomhnú seandálaíochta a fheiceáil ar an turas.

Ní ligtear ach deichniúr ar an turas ag an am. Caithfear áiteanna a chur in áirithe roimh ré.

Cainteanna sna Gailearaithe do Dhaoine Fásta

Díríonn an tsraith cainteanna do dhaoine fásta ar ghailearaithe, ar théamaí agus réada ar leith. Bíonn na cainteanna gearra seo ar siúl i ngailearaithe an Mhúsaeim gach Satharn agus déanann siad iarracht na ceisteanna iomadúla maidir leis na bailiúcháin, a gcúram, a dtaispeáint agus a stair a fhreagairt ar bhealach intuigthe agus spreagúil.

Cruinnítear ag an bpríomhionad fáiltithe; tá na cainteanna saor in aisce; ní gá áit a chur in áirithe.

Aistear tríd an Músaem - Leabhráin Ghníomhaíochta le hÍoslódáil

Cliceáil anseo chun na leabhráin fhaisnéise a íoslódáil agus a phriontáil roimh do chuairt; do phas chun fáil amach faoin Músaem!

(Tá na leabhráin fhaisnéise seo ar fáil i bpríomhionad fáiltithe an Mhúsaeim chomh maith.)

Taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo