Áirithintí
Ní mór gach turas agus ceardlann a chur in áirithint roimh ré. Téigh i dteagmháil leis an Oifig Áirithintí chun áirithint a dhéanamh nó chun tuilleadh eolais a fhail faoin seirbhís oideachais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
Úsáid an Fhoirm Fhiosrúcháin maidir le hÁirithintí thíos chun suim a léiriú i gcuairt chuig an Músaem. Is féidir fiosrúcháin a dhéanamh ar an teileafón, trí ríomhphost nó le facs.
Ní féidir ach leis an Oifig Áirithintí áirithintí a dheimhniú. Seolfar foirm dheimhnithe amach i scríbhinn, ar facs nó ar ríomhphost. Seiceáil na sonraí ar fad agus cuir an Oifig Áirithintí ar an eolas láithreach más gá duit aon sonraí a athrú. Cuir an fhoirm dheimhnithe faoi bhráid na foirne fáiltithe mar chruthúnas go bhfuil áit curtha in áirithe.
Féach Do Chuairt a Eagrú chun tuilleadh eolais a fháil.