Imeachtaí
Is cuma cén aois tú, tá rud éigin ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe a mbeidh suim agat ann.
Taispeántais
Léiríonn na taispeántais bhuana réimse leathan réada ó Bhailiúchán Náisiúnta Shaol na Tuaithe. Tá siad suite ar ceithre urlár de Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, agus tugann déantáin tharraingteacha tuiscint don chuairteoir ar shaol an teaghlaigh, talmhaíocht, iascaireacht agus seilg, éadach agus teicstílí, troscán agus feisteáin, ceirdeanna agus ceardaíocht, iompar agus spórt, fóillíocht agus creideamh.
Bíonn taispeántais shealadacha á léiriú ar Leibhéal 0 agus Leibhéal - 1 go rialta. Féach ar an rannóg Imeachtaí chun a fháil amach an bhfuil aon taispeántais nua ag oscailt go gairid.
Turais Phoiblí
Bíonn turas treoraithe ginearálta ar fáil gach lá den tseachtain ag 12:00 agus ag 15:30 ar an Satharn agus ar an Domhnach. Bíonn turais níos rialta ar fáil le linn buaicthréimhsí. Tá táille €2.00 an duine ar dhaoine fásta agus leanaí saor in aisce. Cuireann an turas ginearálta stair Theach Pháirc Thurlaigh agus a thimpeallachtaí in aithne don chuairteoir, chomh maith leis an saol tuaithe in Éirinn idir 1850 agus 1950.
Clár Poiblí
Bíonn gníomhaíochtaí á reáchtáil ag an rannóg Oideachais agus For-rochtana do gach aois agus gach leibhéal cumais leis an aidhm taitneamh, idirghníomhú agus tuiscint ar shaol laethúil ár sinsear a thuiscint trí Bhailiúchán Náisiúnta Shaol na Tuaithe. Tugtar an deis do chuairteoirí dul i dteagmháil leis an mbailiúchán trí thurais, cainteanna, ceardlanna, léirithe, taibhléirithe, léachtaí, comhdhálacha agus seimineáir, cúrsaí do dhaoine fásta, scoileanna samhraidh agus tuilleadh.
Is féidir spásanna ar gach gníomhaíocht a chur in áirithint tríd an Oifig Áirithintí. Téigh chuig an rannóg Imeachtaí chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár Poiblí ag Páirc Thurlaigh. Más mian leat leas a bhaint as an tseirbhís poist saor in aisce agus Féile Imeachtaí a fháil ceithre uaire sa bhliain déan teagmháil linn .
Clár Scoileanna
Ón uair a d’oscail sé i bhFómhar 2001, tá go leor bunscoileanna agus iarbhunscoileanna tar éis cuairt a thabhairt arís is arís eile ar an Músaem, ag baint tairbhe as an réimse leathan turais, gníomhaíochtaí, ceardlanna ealaín agus ceardaíochta, gníomhaíochtaí eolaíochta, scéalaíocht agus cláir eile. Is acmhainn luachmhar iad taispeántais an Mhúsaeim do mhúinteoirí agus do scoláirí araon.
Bhaineamar amach Gradam Sandford i gcomhair Oideachas Oidhreachta ón Heritage Education Trust in 2004 ‘in recognition of the quality education delivered’ ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
Ag an Músaem, is féidir leat:
- Foghlaim trí bhreathnú ar dhéantáin bhunúla
- Scrúdú a dhéanamh ar conas a oibríonn staraithe chun tuiscint a fháil ar shaol, ar obair, ar chultúr agus ar shochaí na staire
- Fianaise a lorg ag úsáid acmhainní príomhúla, trí fhoghlaim ‘fionnachtana’
- Staidéar a dhéanamh ar stair, stair áitiúil, ealaín, ceardaíocht agus dearadh, stair na healaíne, feasacht creidimh, drámaíocht, matamaitic agus eolaíocht.
- Naisc a dhéanamh thar réimse ábhair trí chur chuige comhtháite agus tras-churaclaim maidir leis an bhfoghlaim.
Foilsítear an Clár Scoileanna i bhfoirm leabhráin gach bliain agus bíonn fáil air ón 1 Meán Fómhair.
Más mian leat an Clár Scoileanna a fháil téigh ar liosta seoltaí Chlár na Scoileanna trí dhul i dteagmháil leis an Oifig Áirithintí.
Féile na Tuaithe
Is í Féile na Tuaithe an fhéile theaghlaigh saor in aisce is mó in Iarthar na hÉireann agus caithfidh sé gurb í an fhéile leis an spraoi agus an luach is fearr í chomh maith. Tá cead isteach saor in aisce, cluichí, gníomhaíochtaí do leanaí, scéalaíocht, ceol, péintéireacht aghaidhe, léirithe agus ceardlanna ann. Is ceiliúradh dhá lá ar shaol agus traidisiúin na tuaithe í an fhéile agus í ar siúl ar an Satharn 24 agus Domhnach 25 Bealtaine 2008.
Is féidir spásanna ar gach gníomhaíocht a chur in áirithint tríd an Oifig Áirithintí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár Poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, téigh chuig an rannóg Imeachtaí.