Fiosraigh & Foghlaim

Grúpa lasmuigh d’fhoirgneamh Stair an Dúlra

Cé go bhfuil láithreán Stair an Dúlra ar Shráid Mhuirfean dúnta chun é a athfhorbairt faoi láthair, tá an rannóg Oideachais agus For-rochtana fós gníomhach, cé go bhfuil sé i suíomh difriúil.

Beidh na himeachtaí go léir a bhaineann le bailiúcháin Stair an Dúlra ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht ar Shráid Chill Dara, nach bhfuil ach cúig nóiméad ar chois ón láithreán atá dúnta. Féach ar an rannóg Tabhair Cuairt Orainn chun treoracha a fháil chuig an rannóg Seandálaíochta.

Faoi láthair cuireann foireann Oideachais agus For-rochtana Stair an Dúlra léachtaí, ceardlanna, seanchas, taispeántais ainmhithe agus mórán eile ar fáil. Cuirtear fáilte roimh theaghlaigh, daoine fásta, grúpaí oideachais agus grúpaí sainleasa páirt a ghlacadh inár gClár Oideachais agus For-rochtana.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo