Saoráidí
Tá trí spás le fáil ar cíos ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, a fhreastalaíonn ar ghrúpaí éagsúla, agus ar mhéideanna agus ar riachtanais éagsúla. Tá radharc amach ar loch álainn ag Forhalla na nGailearaithe, agus tá spás ann do suas le 200 duine i gcomhair imeachtaí fáiltithe den scoth. Tá an Chlosamharclann an-fheiliúnach do chur i láthair, tá spás ann do 60 duine agus tá saoráidí fáiltithe agus seomra cótaí ar leith ann. Is spás neamhghnách, ilchuspóireach atá sa Seomra Cruinnithe i gcomhair cruinnithe agus ceardlanna.
Sonraí an tseomra
| Seomra | Uaslíon áiteanna | Iontach i gcomhair |
|---|
| Forhalla na nGailearaithe | 110 suite 200 ina seasamh | Seoltaí, ceadail, fáiltithe |
| An Chlosamharclann | 60 suite | Seimineáir, léacht, scannáin a thaispeáint |
| Seomra Cruinnithe | 20 suite | Cruinnithe beaga, cur i láthair |