Saoráidí
Tá ceithre spás le fáil ar cíos ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, a fhreastalaíonn ar ghrúpaí éagsúla, agus ar mhéideanna agus ar riachtanais éagsúla. Tá spás sa Seomra Palaitíneach, a bhreathnaíonn amach ar Chearnóg aoibhinn Uí Chléirigh, do bheagnach 90 duine i gcomhair féastaí agus comhdhálacha sonracha, agus bíonn an-tóir ar an bhForhalla d’imeachtaí fáiltithe tráthnóna. Tógann an Chlosamharclann 80 duine, i gcomhair cur i láthair, agus tá bealach isteach, seomraí cótaí agus póirse dá chuid féin aige. Is seomra beag ilchuspóireach é an Forsheomra do chruinnithe, seisiúin ‘scíthe’ nó sólaistí.
Sonraí an tseomra
| Seomra | Uaslíon áiteanna | Iontach i gcomhair |
|---|
| Seomra Palaitíneach (bálseomra snasta) | 90-200 | Comhdhálacha, léachtaí, féastaí, ceardlanna |
| Forhalla an Mhúsaeim | 200 | Fáiltithe tráthnóna, seoltaí |
| An Chlosamharclann | 80 | Seimineáir, léachtaí, scannáin a thaispeáint |
| Forsheomra (seomra cruinnithe beag) | 20-40 | Cruinnithe beaga, seisiúin ‘scíthe’, sólaistí a chur ar fáil |