Teaghlaigh
Clár Teaghlaigh Mo Mhúsaem
Spreagann Clár Mo Mhúsaem teaghlaigh chun idirghníomhú agus iniúchadh a dhéanamh ar bhailiúcháin an Ard-Mhúsaeim trí imeachtaí praiticiúla a chothaíonn foghlaim ghníomhach le heilimint thábhachtach an spraoi.
Eagraítear imeachtaí gach 2-3 seachtain - ag fionnachtain na mbailiúchán trí ealaín, trí cheardlann drámaíochta nó sheanchaíochta, nó trí léiriú nó thuras treoraithe speisialta.
Tá na háiteanna teoranta agus dá bhrí sin, a luaithe a dhéantar áirithint is fearr.
Turais Teaghlaigh
Turais théamacha saor in aisce do theaghlaigh, féach ar an bhféilire imeachtaí chun dátaí agus amanna sonracha a fháil.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na háiteanna teoranta agus gurb iad na daoine is túisce a dhéanfaidh áirithint a gheobhaidh áit.
An Chairt Ghníomhaíochta
Tá an Chairt Ghníomhaíochta lonnaithe ar an gcéad urlár den Mhúsaem, in aice le Criadóireacht agus Gloine ón gCipir Ársa. Tá ábhair ealaíne agus bileoga oibre ar fáil saor in aisce.