Teaghlaigh

Is áit iontach é Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i gcomhair cuairte teaghlaigh, agus tá neart ann le feiceáil agus le déanamh. Chomh maith le gailearaithe an Mhúsaeim agus teach ón 19ú aois, tá gairdíní, siúlóidí coillte, abhainn agus loch sna tailte fairsinge ag Páirc Thurlaigh, le Cloigtheach ársa ag féachaint anuas orthu. Cuireann caifé an Mhúsaeim rogha leathan béilte agus sneaiceanna séasúracha ar fáil agus tá bailiúchán leathan leabhar agus ceardaíochta sa Siopa a oirfidh do phóca gach aon duine.

Turais

Bíonn turas treoraithe ginearálta ar fáil gach lá den tseachtain ag 12.00 agus ag 15.30 ar an Satharn agus ar an Domhnach. Bíonn turais níos rialta ar fáil le linn buaicthréimhsí. Tá táille €2.00 an duine ann ar dhaoine fásta agus leanaí saor in aisce. Má tá ochtar nó níos mó i do ghrúpa is féidir turas treoraithe nó gníomhaíocht a chur in áirithint tríd an Oifig Áirithintí.

Gníomhaíochtaí

Cuireann an rannóg Oideachais agus For-Rochtana réimse gníomhaíochtaí sceidealta ar fáil sa chlár Féilire Imeachtaí atá feiliúnach do theaghlaigh. Spreagtar daoine fásta agus leanaí páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo le chéile, rud a chuireann go mór leis an ngníomhaíocht. I measc na ngníomhaíochtaí atá forbartha go sainiúil do leanaí tá na Scoileanna Samhraidh agus an Club Sathairn rialta. Is fearr le go leor cuairteoirí cuairt féinstiúrtha a thabhairt ar an Músaem agus úsáid a bhaint as na Seomraí Gníomhaíochta agus Acmhainne, atá lán le hábhar ealaíne agus ríomhairí. Tá bosca Cluichí Traidisiúnta ar fáil ar iasacht i rith do chuairte agus is féidir síniú dó seo ag an bhFáiltiú. Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi acmhainní Féinstiúrtha agus an bosca Cluichí Traidisiúnta.

An Club Sathairn

Faigh tuilleadh amach faoin méid a tharlaíonn sa Mhúsaem trí pháirt a ghlacadh inár gClubanna Sathairn. Ritheann gach club ar feadh ceithre seachtaine ar feadh dhá uair an chloig maidin nó tráthnóna Dé Sathairn. I measc na n-ábhar a chuimsíonn sé tá:

Ceirdeanna Traidisiúnta
Scríbhneoireacht Chruthaitheach
‘Ar mhaith leat a bheith i do threoraí turais ...?’
Siúlóid sa dúlra
Déanamh Mascanna
Déah Teachín Traidisiúnta

Tá an Club Sathairn dírithe ar dhaoine óga idir 8 agus 13 bliana d’aois.

Scoileanna Samhraidh

Tugann an rannóg Oideachais agus For-Rochtana deis do leanaí idir 8 agus 13 bliana d’aois scileanna nua a fhoghlaim trí ghníomhaíochtaí praiticiúla, i rith saoire an tsamhraidh. Ritheann gach scoil samhraidh ar feadh ceithre lá, Máirt go hAoine ag 10.30 go dtí 12.30. I measc na n-ábhar a chuimsíonn sé tá:

Ceirdeanna Traidisiúnta
Cló Gaelach
An Timpeallacht Nádúrtha

Íomhánna le cur ar fáil (ní mór seiceáil an bhfuil cinn ar fáil)

Cuairteanna Féinstiúrtha

Nuair a roghnaítear cuairt féinstiúrtha a thabhairt ar na gailearaithe mar theaghlach, cuireann cuairt ar an seomra closamhairc eolas cúlra ar fáil maidir leis an Músaem, bailiúchán Shaol na Tuaithe agus an modh maireachtála traidisiúnta a bhí ann fadó. Tá an scannán timpeall 20 nóiméad ar fad agus tá sé feiliúnach do gach aois. Tá pleananna urláir in go leor teangacha ar fáil ag an deasc fáiltithe chomh maith le heolas ar aon taispeántais shealadacha a d’fhéadfadh a bheith ar siúl. Tá lipéid dhátheangacha ar na taispeántáin agus tá painéil eolais ann chun téamaí na léirithe a mhíniú. Feabhsaíonn teicneolaíocht idirghníomhach, píosaí scannáin agus taifeadtaí eispéireas an chuairteora agus cabhraíonn siad chun tuiscint foriomlán a fháil ar na taispeántais. Déan teagmháil leis an Oifig Áirithintí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cluichí Traidisiúnta ‘Óg agus Sean ag teacht amach ag spraoi...’

Tá bosca cluichí traidisiúnta sráide agus clóis le rialacha agus treoracha ar fáil ar iasacht i rith do chuairte. Is bealach iontach iad cluichí chun spraoi a bheith ag teaghlach le chéile. Cuir ceist ag Fáiltiú más mian leat an bosca cluichí a thógáil ar iasacht nó cuir in áirithint é trí dhul i dteagmháil leis an Oifig Áirithintí. Ina áit sin, is féidir ceardlann uair an chloig a eagrú do ghrúpaí ochtar nó níos mó.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo