Teaghlaigh
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra ar Shráid Mhuirfean dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Beidh na himeachtaí oideachais uile ar siúl anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht ar Shráid Chill Dara.
Clár Teaghlaigh ‘Mo Mhúsaem’
Tá an clár imeachtaí ‘Mo Mhúsaem’ deartha chun teaghlaigh a spreagadh le hoibriú le chéile, ar bhealach malartach agus spraíúil, chun tuilleadh a fhoghlaim faoi bhailiúcháin an Mhúsaeim. Gach ceithre seachtaine, féachtar ar bhailiúcháin an Mhúsaeim trí cheardlann ealaíne, drámaíochta nó seanchais, nó trí cheardlann a thaispeánann fíoreiseamal ainmhí gar do na rannpháirtithe.
Tá na háiteanna teoranta agus dá bhrí sin, a luaithe a dhéantar áirithint is fearr.
Imeachtaí do Theaghlaigh agus do Leanaí
Ó am go ham beidh imeachtaí speisialta ar siúl do theaghlaigh agus do leanaí ag féachaint ar ghné áirithe de shaol na n-ainmhithe. Liostaítear iad seo san Fhéilire Imeachtaí, ina bhfaighidh tú sonraí maidir le hoiriúnacht d’aois agus áirithintí.