Saol na Tuaithe

Bunaíodh rannóg Saol na Tuaithe in Éirinn i 1974 agus mar sin tá sé ar an gceann is ‘óige’ de na ceithre rannóg in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Téann an bailiúchán de réada ó Shaol na Tuaithe siar go dtí blianta tosaigh an Mhúsaeim áfach. Ba é an beartas bailithe simplí, ach éifeachtach, a bhí acu ag an am sin ná réada a bhailiú a léirigh saol theaghlaigh na réanna a bhí thart le déanaí, a bheag nó a mhór. Chuir an Músaem a chéad mhórthaispeántas de Shaol na Tuaithe ar taispeáint i Sráid Chill Dara i 1937. In 2001, fuair rannóg Saol na Tuaithe teach nua i dTeach Pháirc Thurlaigh lasmuigh de Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, nuair a bogadh chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe í. Bogadh an chuid is mó de bhailiúcháin Saol na Tuaithe ann, cé go bhfuil cuid acu fós i stóras i nDaingean, Co. Uíbh Fhailí.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo